

Beidh Danny Healy-Rae agus Michael Lowry ina suí ar bhinsí an Fhreasúra i ndiaidh dóibh cinneadh a dhéanamh tacaíocht a thabhairt don Rialtas nua, má fhaigheann siad an méid atá uathu.
Tá Teachtaí Dála sa ghrúpa Neamhspleách Réigiúnach ag iarraidh suí ar bhinsí an Fhreasúra agus am an Fhreasúra (Opposition) a ghlacadh, cé go bhfuil siad ag tacú leis an Rialtas.
Rinne ceannaire an ghrúpa, Michael Lowry, an moladh Déardaoin, de réir tuairiscí.

Rinne sé an moladh ag cruinniú de Choiste Gnó na Dála, a bhfuil an Ceann Comhairle Verona Murphy ina cathaoirleach air.
Tá an coiste sin freagrach as am cainte a chionroinnt (allocate) do Theachtaí Dála.
Tagann sé seo tar éis do ExtraG.ie a thuairisciú Déardaoin go bhfaighidh airí sóisearacha nua costais bhreise, ar fiú na mílte euro iad, mar chuid de chomhaontú an Rialtais.
Chomh maith leis sin, cruthóidh an Rialtas nua trí ról aire shóisearach nua, rud a thabharfaidh an líon go dtí 23.
Tá naonúr ball den ghrúpa Réigiúnach ag tabhairt tacaíocht don Rialtas agus tá cúigear acu ina n-airí sóisearacha (junior ministers) agus beidh siad ag suí leis an Rialtas. Tagann sé sin tar éis Danny and Michael Healy-Ray dul isteach leo
Mar sin féin tá an ceathrar eile ag iarraidh suí ar bhinsí an Fhreasúra.
Ar an mbealach sin d’úsáidfidís am an Fhreasúra le linn díospóireachtaí in ionad am an Rialtais.
Cháin baill Shinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Seachas Brabús (People Before Profit) moladh an Uasail Lowry.

Thug Paul Murphy, TD de chuid Pobal Seachas Brabús, ‘cás aisteach’ air.
Dúirt sé: ‘Chiallódh an socrú atá molta go mbeadh Michael Healy-Rae ar bhinsí an Rialtais, agus Danny Healy-Rae ar bhinsí an Fhreasúra. Bheadh sé sin ait.’
Dúirt sé: ‘Dá gceadófaí an moladh seo, chiallódh sé go n-úsáidfeadh na Teachtaí Dála seo, a thacaíonn leis an Rialtas, cuid d’am cainte an Fhreasúra atá teoranta cheana féin, poist ar choiste Oireachtais agus as tacaíocht foirne riaracháin (administration support).’
Tharla an scéal mar gheall ar an mbealach a oibríonn an Dáil.
Is iad an cúigear airí sóisearacha atá sa ghrúpa ná Seán Canney, Noel Grealish, Kevin ‘Boxer’ Moran, Marian Harkin agus Michael Healy-Rae.
I measc na gceathrar eile atá ag iarraidh suí ar bhinsí an Fhreasúra tá an tUasal Lowry, a bhí i gceannas ar an idirbheartaíocht chun tacú leis an Rialtas nua, agus Danny Healy-Rae, deartháir an aire Michael Healy-Rae.
Is iad Barry Heneghan agus Gillian Toole an dá Theachta Dála eile sa ghrúpa a thacaíonn leis an Rialtas.
Ní thacaíonn triúr ball den ghrúpa — Peadar Tóibín agus Paul Lawless ó Aontú, chomh maith le Carol Nolan — leis an Rialtas.
Chomh maith lies sin beidh íocaíocht sa bhreis d’airí sóisearacha, ar fiú na mílte euro iad, mar chuid de chomhaontú chun an Rialtas nua a bhunú.
Ardaíodh ceist na n-íocaíochtaí, a chlúdóidh costas lóistín, le linn na hidirbheartaíochta don rialtas ag na Teachtaí Dála Réigiúnacha a d’aontaigh an chéad chomhrialtas eile a bhunú le Fianna Fáil agus Fine Gael.
Thángthas ar chomhaontú maidir le costais le linn caibidlíochta faoin gClár don Rialtas, a foilsíodh Dé Céadaoin, inar leagadh amach na tosaíochtaí do na cúig bliana amach romhainn.
Faoi na rialacha reatha, faigheann airí sóisearacha íocaíocht €39,563, sa bhreis ar a dtuarastal TD de €113,679.

Ní mór dóibh, áfach, an Liúntais Taistil agus Lóistín (Travel and Accommodation Allowance), a thugtar do Theachtaí Dála ar na binsí cúil, a thabhairt suas.
Faoi rialacha an Liúntais Taistil agus Lóistín, faigheann Teachtaí Dála íocaíocht neamhdheimhnithe (unvouched), bunaithe ar a bhfad ó Theach Laighean (Leinster House).
Faigheann Teachtaí Dála atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath €9,000 agus faigheann Teachtaí Dála atá níos mó ná 360 ciliméadar uaidh, an íocaíocht bhliantúil is airde, €34,065.
Cuireann airí sóisearacha éilimh mhíleáiste (mileage) faoi bhráid a Roinne ach ní fhaigheann siad liúntas lóistín.
Mar sin féin, déanfar athrú air sin chun freastal ar na Teachtaí Dála Neamhspleácha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.