

Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt seans do chách a insint don Rialtas cén chaoi ar mhaith leo feabhas a chur ar thacaíocht don Ghaeilge
Cé go maireann pobal labhartha Gaeilge beo bríomhar, agus go bhfuil tábhacht nach beag ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht do sciar mór daoine ina gcónaí sa tír seo, déantar imeallú leanúnach ar an teanga agus ar an bpobal teanga sa dhioscúrsa polaitiúil agus eacnamaíoch.

Tá téarma rialtais nua ar na bacáin, agus cé go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh na páirtithe céanna i gcumhacht arís, beidh Clár Rialtais nua le cur le chéile acu.
Teastaíonn uainn an deis thráthúil seo a thapú agus brú breise a chur ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil athruithe suntasacha a dhéanamh chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta – agus ár n-éileamh a chur san áireamh sa Chlár Rialtais nua.
Líon isteach do shonraí thíos agus seolfar ríomhphost ar do shon chuig Teachtaí Dála Fhine Gael agus Fhianna Fáil i do dháilcheantar, le CC chuig Ceannairí agus Leas-Cheannairí a bpáirtithe.
CLICEÁIL ANSEO CHUN É A DHÉANAMH
Díríonn an ríomhphost ar an 4 éileamh a pléadh leis na páirtithe le linn an fheachtais olltoghcháin: maoiniú, oideachas, tithíocht sa Ghaeltacht agus Aire Sinsearach.
Iarrann sé ar na Teachtaí Dála na ceisteanna seo a phlé lena gceannairí páirtí, agus iad a chur chun cinn le bheith san áireamh sa Chlár Rialtais.
Tá rogha agat na héilimh ar fad a chur san áireamh sa ríomhphost, nó cinn áirithe a phiocadh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.