

Deir dhá thrian den phobal nach bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfadh Fianna Fáil agus Fine Gael gnó le hiar-Aire Fhine Gael Michael Lowry, de réir pobalbhreithe san Irish Independent.
Cáineadh Lowry go mór i dtuarascáil 2011 ó Bhinse (Tribunal) Moriarty agus seoladh comhad (file) Garda faoin bhfiosrúchán i gcoitinne chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DDP) an tseachtain seo caite.
Tá Lowry, TD do Thiobraid Árann Thuaidh, i gceannas ar fhoireann idirbheartaíochta do Ghrúpa Neamhspleách Réigiúnach (Regional Independent) na dTeachtaí Dála.

Thacaigh Fianna Fáil agus Fine Gael le tairiscint gur cheart do Lowry éirí as mar TD in 2011, tar éis thuarascáil deiridh Bhinse Fiosrúcháin Moriarty teach amach.
Dúirt 63% de dhaoine sa phobalbhreith is déanaí, Dé Domhnaigh, ó Sunday Independent/Ireland Thinks, nár cheart d’Fhianna Fáil ná d’Fhine Gael labhairt le Lowry faoi rialtas a bhunú. Níl fadhb ar bith faoi ag 24% díobh siúd ar cuireadh ceist orthu agus níl aon tuairim ag 13% ina leith.
Le déanaí d’admhaigh ceannaire Fhianna Fáil – An Tánaiste Micheál Martin: ‘Tá ceisteanna i gcomhthéacs a bhfuil tagtha chun solais nach mór machnamh a dhéanamh orthu.’
Agus s’admhaigh sé gur iarr sé ar Lowry éirí as mar TD i 2011, tar éis teacht amach thorthaí Bhinse Moriarty.
‘Dúirt mé é sin. Ach gach olltoghchán ó shin i leith, is iad muintir Thiobraid Árann a rinne an cinneadh maidir le cé a dhéanann ionadaíocht dóibh i nDáil Éireann,’ a dúirt sé, agus é ag caint faoi Lowry.
Is é Fianna Fáil an páirtí is mó tóir sa tír, ar 23.8%, sa phobalbhreith nua.

Tá 20.3% ag Fine Gael agus 19.3% ag Sinn Féin.
As na páirtithe eile tá 7.3% ag na Daonlathaithe Sóisialta, agus níl ach 3.8% ag Páirtí an Lucht Oibre.
Tá 5.3% ag páirtí Pheadair Tóibín, Aontú, agus tá 8.8% ag Neamhspleáigh agus daoine eile.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.