Lowry lárnach i mbrú ar Simon Harris agus Micheál Martin faoin Moriarty Tribunal

09/01/2025

Tá ceist á chur ar Simon Harris agus Micheál Martin faoi bheith ag plé le Michael Lowry, tar éis do na gardaí páipéir a sheoladh chuig an DPP faoin Moriarty Tribunal

Chosain Fine Gael agus Fianna Fáil a gcainteanna faoi rialtas a bhunú le Michael Lowry – tar éis do chomhad Garda faoi Bhinse Moriarty a bheith seolta chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP).

Tá Lowry i gceannas ar an idirbheartaíocht ón ngrúpa Teachtaí Dála Neamhspleácha atá i mbun cainteanna rialtais.

Bhí sé freisin, in éineacht le Charlie Haughey, lárnach i mBinse Moriarty, fiosrúchán faoi íocaíochtaí do pholaiteoirí ag lucht gnó saibhre.

Michael Lowry
Michael Lowry

14 bliana ó shin rinne an binse cinntí diúltacha (adverse findings) i gcoinne roinnt polaiteoirí mór le rá, Lowry ina measc.

D’éirigh sé as a phost mar aire Fhine Gael ag an am agus bhí air an páirtí a fhágáil agus a bheith ina TD Neamhspleách.

Mar gheall ar a stair, táthar ag fiafraí de cheannaire reatha Fhine Gael – An Taoiseach Simon Harris – faoina thoilteanas (willingness) dul i mbun cainteanna faoi rialtas a bhunú leis an iar-aire anois.

Mar fhreagra dúirt Harris: ‘Tá sé thar a bheith tábhachtach nach ndéarfainn féin, nó aon duine sa saol polaitíocht, aon rud a ghearradh trasna ar aon phróisis neamhspleácha, a d’fhéadfadh a bheith, nó b’fhéidir nach bhfuil, ar siúl,’ a dúirt an tUasal Harris.

‘Is é fírinne an scéil anseo go bhfuil roinnt Teachtaí Dála Neamhspleácha, comhaltaí de Dháil Éireann a toghadh go daonlathach, a tháinig le chéile i ngrúpa ar a dtugann siad Neamhspleáigh Réigiúnacha.

‘Tá siad tar éis a chur in iúl go bhfuil siad toilteanach dul i dteagmháil le Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le rialtas a chur ar fáil do na blianta atá romhainn.

‘Beimid i dteagmháil leo mar ghrúpa. Is ceist dóibh siúd atá mar chuid den ghrúpa sin, agus ar ndóigh, is ceist dóibh siúd freisin cé a dhéanann idirbheartaíocht ar a son,’ a dúirt sé.

Simon Harris
Simon Harris

D’admhaigh ceannaire Fhianna Fáil – An Tánaiste Micheál Martin: ‘Tá ceisteanna i gcomhthéacs a bhfuil tagtha chun solais nach mór machnamh a dhéanamh orthu.’

Thug sé le fios, áfach, nach bhfuil Lowry ag iarraidh a bheith ina aire.

D’admhaigh an Tánaiste gur iarr sé in 2011 ar Lowry éirí as mar TD tar éis teacht amach thorthaí Bhinse Moriarty.

‘Dúirt mé é sin. Ach gach olltoghchán ó shin i leith, is iad muintir Thiobraid Árann a rinne an cinneadh maidir le cé a dhéanann ionadaíocht dóibh i nDáil Éireann,’ a dúirt sé.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil go mbeidh a pháirtí i mbun idirbheartaíochta le grúpa Teachtaí Dála Neamhspleácha Réigiúnacha agus gur faoin ngrúpa sin atá siad ag iarraidh a cheapadh chun na cainteanna sin a stiúradh.

Tagann an cheist tar éis do na gardaí a dheimhniú go bhfuil comhad curtha ar aghaidh chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí maidir lena imscrúdú ar thorthaí Bhinse Moriarty.

Micheál Martin
Micheál Martin

Dúradh sa tuarascáil go raibh sé ‘gan dabht’ gur thug Lowry faisnéis shubstainteach do Denis O’Brien a bhí ‘de luach agus cúnamh suntasach dó chun an ceadúnas a fháil’.

Bronnadh an dara ceadúnas gutháin phóca in Éirinn ar an gcomhlacht O’Brien Digifone i 1995. Bhí an Lowry ina aire chumarsáide nuair a deonaíodh an ceadúnas gutháin phóca.

Tá an tuarascáil diúltaithe go bríomhar agus arís agus arís eile ag an iar-aire agus O’Brien.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram