

Is iad Londain, Zurich agus an Ghinéiv na cathracha amháin san Eoraip a bhfuil cíosanna (rents0 níos airde acu ná Baile Átha Cliath, de réir suirbhé.
Tá Baile Átha Cliath ar an naoú cathair is daoire san Eoraip le cónaí ann freisin.
D’eagraigh an suíomh Gréasáin Numbeo an suirbhé agus rinneadh breithiúnas ar 141 cathair ar phraghsanna earraí grósaera, bialanna, iompair, fóntais (utilities) agus cíosa.

Is í Zurich an chathair is costasaí le cónaí uirthi sna 141 cathair ar fad, le 84.1 pointe as 100.
Tá cathracha eile san Eilvéis – mar an Ghinéiv, Lausanne, Basel agus Berne – an-chostasach freisin.
Is í Londain an cúigiú cathair is costasaí san Eoraip le cónaí inti, le 72.6 pointe agus bhí 58.7 pointe ag Baile Átha Cliath.
Ag féachaint ar chostais chíosa amháin tháinig Baile Átha Cliath sa cheathrú háit, taobh thiar de Londain, Zurich agus sa Ghinéiv agus chun tosaigh ar Amstardam agus Lucsamburg.
Tá na meánchíosanna míosúla i mBaile Átha Cliath idir €2,294 agus €2,704, de réir shuíomh gréasáin na maoine Daft.ie.
Is é an meán náisiúnta cíosa beagnach €2,000 ag €1,955.
Tháinig Baile Átha Cliath sa 41ú háit nuair a tháinig costais ghrósaeireachta i gceist. Tháinig Corcaigh isteach ag 20, agus bhí Béal Feirste sa 65ú háit.
Scrúdaigh Numbeo freisin cumhacht ceannaigh áitiúil, a thaispeánann cumhacht ceannaigh choibhneasta chun earraí agus seirbhísí a cheannach i dtír ar leith don mheántuarastal sa réigiún sin.
Bhí Baile Átha Cliath agus Corcaigh sa 55ú háit agus sa 56ú háit le sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.