Níl Martin ag tacú le baill FF don ról mar Cheann Comhairle

17/12/2024

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bhfuil sé ag iarraidh Verona Murphy a bheith sa phost mar Cheann Comhairle, de réir Seán O Fearghaíl

Níl an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ag tacú le haon bhaill dá pháirtí féin atá ag lorg an post mar Cheann Comhairle sa chéad Dáil Éireann eile, a deir Seán Ó Fearghaíl.

Deir Ó Fearghaíl, ó Fhianna Fáil freisin, go bhfuil Martin ag tacú leis an Teachta Dála Neamhspleách Verona Murphy mar go gcabhródh sé sin leis tacaíocht a fháil ón ngrúpa Neamhspleáchaigh don chéad rialtas eile de chuid Fhianna Fáil agus Fhine Gael.

Verona Murphy
Verona Murphy

Mar sin féin, tá an post mar Cheann Comhairle ceaptha a bheith taobh amuigh de pholaitíocht pháirtí (party politics) agus níor cheart é a úsáid chun rialtas a chruthú.

Is faoin Dáil ar fad atá sé an Ceann Comhairle a roghnú agus tá an vóta á reáchtáil le ballóid rúnda Dé Céadaoin, sula mbunófar an rialtas.

Mar sin ar cheart do Martin an post a úsáid In idirbheartaíocht rialtais.

Micheál Martin
Micheál Martin

Le seo, táthar ag súil nach mbeadh an Ceann Comhairle ceangailte leis an rialtas ná leis an bhfreasúra.

Mar sin féin, má roghnaítear an Ceann Comhairle mar chuid den idirbheartaíocht don rialtas, d’fheicfí go soiléir go bhfuil siad ailínithe (aligned) leis an rialtas agus le Martin.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeiltachta, dúirt Ó Fearghaíl gur chuir Martin in iúl dó go mbeadh sé ag tacú le.

Mar sin féin tá Ó Fearghaíl, a bhí ina Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach, ag dul ar aghaidh leis an iomaíocht in ainneoin a dúirt Martin leis.

Tá John McGuinness ó Fhianna Fáil agus  Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin á lorg an post freisin.

Fadhb eile a bheadh ann ná gur chéim mhór ar gcúl a bheadh ​​i gCeann Comhairle nach bhfuil Gaeilge acu, mar a tharla san am a chuaigh thart.

Seán O Fearghaíl ag caint ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta
Seán O Fearghaíl ag caint ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta

Tá athrú mór tagtha ar staid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil le blianta beaga anuas.

Tá líon na gcainteoirí Gaeilge laistigh den státseirbhís á mhéadú, tá níos mó Gaeilge le cloisteáil sa Dáil agus tá tacaíocht tugtha do na meáin Ghaeilge.

Beidh an cheist á phlé ag an Taoiseach Simon Harris agus Martin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram