

Tá fadhb na handúile (addiction) drugaí i mBaile Átha Cliath ag dul i méid agus tá na substaintí níos marfaí(deadly) – ach is fadhb í nach bhfuil á plé ag an bpobal.
Tá sé seo in ainneoin foláirimh iomadúla ón HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. FSS) le míonna beaga anuas faoi shubstaintí contúirteacha – cuid acu marfach – mar MDMA, Nitazene, Benzodiazepine agus cannabinoids sintéiseacha (synthetic).
Tá an líon is airde básanna drugaí san Aontas Eorpach ag Éirinn, le breis agus ceithre oiread an meánlíon básanna, de réir tuarascála a rinne gníomhaireacht drugaí an AE i mí an Mheithimh.
Tá na figiúirí is déanaí maidir le básanna drugaí anseo ó 2020 agus léiríonn siad go bhfuair 786 duine bás uathu an bhliain sin. I 2023 bhí Éire ar an gceathrú tír is airde maidir le húsáid cócaon:

Anois, tá an t-amhránaí agus cumadóir óg as Baile Átha Cliath, darb ainm ‘Andúil’, ag obair i gcomhar le Merchant’s Quay Ireland chun feasacht agus airgead a ardú lena hamhrán nua, ‘Dope’.
Rachaidh an t-airgead ar fad a íoctar as an amhrán ar na hardáin éagsúla meáin shóisialta agus trí thiomsú airgid go Merchant’s Quay Ireland.
‘Níl mórán taighde ar fáil ar úsáid hearóine ach go starógach (anecdotally) is minic a fheicimid é ar ár sráideanna,’ a deir Andúil.
‘Tá an Afganastáin ag gearradh siar ar a dtáirgeadh poipí atá ag táirgeadh níos lú hearóine, rud a chiallaíonn go bhfuil roghanna eile á aimsiú ag déileálaithe maidir le soláthar agus éileamh,’ a dúirt sí.
‘Tá siad ag baint úsáide as rudaí cosúil le “fent” agus “Nítazenes” i hearóin atá i bhfad níos láidre agus níos marfaí ná hearóin.
‘Sin é an fáth go gcaithfimid labhairt faoi seo.’

Is mian le Andúil a tacaíocht a dhíriú ar ‘Jane’s Place’, a fhaigheann tacaíocht ó Merchants Quay Ireland agus atá ina áit do mhná atá ag déileáil le heaspa dídine agus andúile, áit ar féidir leo foscadh, cúram sláinte, acmhainní agus cúnamh a fháil.
Beidh tiomsaitheoir airgid ag ‘Dope’ ar YouTube agus trí Merchants Quay, tabharfar aon airgead ón amhrán do Merchants Quay Ireland freisin.
Dúirt Shauna Enright, Oifigeach Cúraim Deontóra, ag Merchants Quay Ireland: ‘Buíochas mór le Saoirse, tá lúcháir orainn gur shocraigh sí feasacht a ardú do Merchant Quay Ireland.
‘Tá a hamhrán an-mhaith, agus guím rudaí móra ar a son.’
Tá cur síos déanta ag Andúil ar a stíl gutha agus ceoil féin mar ‘polished teen angst’ measctha le liricí níos dorcha, spreagtha ag Bob Dylan, a roinneann sí breithlá leis.
Is é an aidhm atá aici don amhrán ‘Dope’ ná ‘solas a thabhairt ar ábhair chonspóideacha faoi drugaí nár cheart a bheith conspóideach’.
Ciallaíonn an t-ainm Andúil, ‘addiction’ i mBéarla, agus is tagairt é don eipidéim opióideach chomh maith leis an gcultúr tocsaineach (toxic) i dtionscal an cheoil.
Is amhrán é ‘Dope’ faoin eipidéim opióideach in Éirinn. Ábhar nach mór solas a chur air. Ábhar a ndéantar dearmad air go minic mar gheall ar a chonspóid, a dúirt Andúil.
Creideann sí i bhfianaise a thabhairt do thopaicí crua ar cheart labhairt fúthu in ionad neamhaird a dhéanamh orthu.

Labhraíonn Dope faoi a thuiscint gur daoine iad na handúiligh seo freisin. Is mic agus iníonacha iad, cairde is fearr agus daoine a bhí ina bpáistí tráth, le liricí mar:
‘Now they say we’re dangerous.
Maybe we are when we’re painless.
But my friends are faded.’
Le seo tá Andúil ag caint faoi na daoine atá caillte acu leis an eipidéim opióideach.
Scríobhadh an chéad véarsa den amhrán ar an 11 Samhain 2023, an lá a chuir an HSE foláireamh amach go raibh Nitazenes á dtabhairt isteach in Éirinn do dhaoine a úsáideann hearóin.
Tá cur síos sa véarsa faoin chaoi atá daoine á marú go héasca ag na substaintí seo agus an chaoi a rachaidh sé i bhfeidhm ar mhuintir agus cairde na andúiligh freisin.
Tá cur síos sa churfá faoina oscailteacht maidir le díobháil a laghdú timpeall ar dhrugaí ach freisin faoin eagla atá uirthi go bhféadfadh na drugaí seo dochar a dhéanamh dá chairde agus dá teaghlach.
Tá cur síos sa dara véarsa faoina streachailt féin le drugaí.
Deir sí, áfach, mar gheall ar a córais phribhléide agus tacaíochta, gur éirigh léi éalú ón andúil agus go raibh sí in ann cabhrú le daoine eile, ach ní raibh na seansanna céanna ag go leor daoine agus a fuair sí.
• Tá amhrán Andúil ‘Dope’ ón albam atá le teacht aici dar teideal ‘Caffeine, Nicotine and Duloxetine’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.