

Tá sé léirithe ag suirbhé nua go bhfuil ardú 17% ar phraghsanna bia ón toghchán deireanach.
Is é an costas ard maireachtála an phríomhchúis imní do dhaoine, agus tá sé sin á rá acu do na polaiteoirí.
Ach an bhfuil aon rud le déanamh ag na polaiteoirí faoi na figiúirí atá léirithe sa suirbhé seo?
Chosain ciseán bia, a tarraingíodh ó liosta soláthairtí bunúsacha na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), thart ar €237 i mí Feabhra 2020.

Anois, cosnóidh an ciseán céanna bia beagnach €277 tar éis ardú 17%, de réir an tsuirbhé.
Is mó i bhfad é sin ná an méid a mhéadaigh bunphá.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil ag éirí go maith leis an ngeilleagar ach tá gnáthdhaoine níos measa as.
Is é an t-ardú ar phraghas an bhia choitianta ar nós uibheacha, siúcra, arán agus feola atá ag cur imní ar dhaoine.
Tá méadú beagnach dhá thrian tagtha ar phraghas cuid de na hearraí sin i gcásanna áirithe, de réir an tsuirbhé.
Tháinig an t-ardú praghais is mó ar shiúcra ó 2020, i ndiaidh do cháin Rialtais a bheith curtha air roimhe sin.
Mhéadaigh mála siúcra faoi 63% – suas ó €1.15 i 2020 go €1.88 an mhí seo caite.
Ba é an chéad chostas eile ab airde ná méadú 46% ar chostas spaghetti, agus tháinig trátaí stánaithe (tinned tomatoes) ina dhiaidh sin (45%), de réir an tsuirbhé.
Nuair a chuirtear an dá mhéadú sin le chéile – agus méadú ar phraghas na mionfheoil (minced meat) – beidh dinnéar spaghetti Bolognese i bhfad níos costasaí.
Chosain leathdhosaen uibheacha móra €1.74 i mí Feabhra 2020; inniu bheadh ort €2.44 a íoc tar éis ardú 40%.
Tá méadú tagtha freisin ar chostas ceapaire liamháis (ham sandwich) mar go bhfuil méadú 41% ar im agus cosnaíonn pana bán an ceathrú cuid is mó ó mhí Feabhra 2020, de réir an tsuirbhé.
Tá méadú 7% ar chostas liamhás íseal, cé go gcuirfidh sé lena chostas freisin.
Bhí ardú 28% ar rí uaineola (leg of lamb), go €14.35 an cileagram agus tháinig méadú 21% ar shicín.
Mhéadaigh an praghas ar fheoil dhearga cosúil le stéig stríocloin (striploin) (€23.51/kg) agus gríscíní uaineola (€22.76), de réir an tsuirbhé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.