

Tá nuashonrú sláinte curtha ar fáil ag Louis Walsh tar éis dó a dhiagnóis ailse a nochtadh níos luaithe sa bhliain.
Agus é ar Celebrity Big Brother i mí an Mhárta, dúirt an t-iarbhreitheamh X-Factor lena chomhghleacaithe tí go ndearnadh diagnóis ailse air i 2020.
‘Macroglobulinemia Waldenstrom’ an t-ainma bhi ar an ailse.

Is foirm annamh de ‘non-Hodgkin lymphoma’ é Macroglobulinemia Waldenstrom a théann i bhfeidhm ar chealla fola ar a dtugtar cealla plasma.
Ag láithriú ar an gclár is déanaí den phodchraoladh le Nicky Byrne, a bhainistíonn sé mar chuid de Westlife, dúirt Louis go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas dó.
Dúirt sé: ‘Tá mé ceart go leor anois. Bhí rud ar a dtugtar Waldenstrom ailse orm. Is ailse fhola é.
‘Níor thuig mé cad a bhí i gceist go dtí go ndeachaigh mé go dtí an Mater Private chun mé a sheiceáil.
‘Dúradh liom go bhfuil sé ceart go leor, go bhfuil sé soláimhsithe agus tá mé ag mothú go maith,’ a dúirt Louis.
Ag machnamh ar an nóiméad a ndearna dochtúirí diagnóis air, dúirt Louis le Nicky: ‘Ceapann tú go bhfuil sé chomh scanrúil ach sa lá atá inniu ann, le leigheas nua-aimseartha, is féidir leo an-chuid a dhéanamh.
‘Altraí agus dochtúirí iontacha. Is iad na réaltaí,’ a dúirt sé.
‘Na fir agus na mná sin, oibríonn siad go dian dícheallach chun cabhrú le gach duine agus cuireann siad leigheas ar dhaoine.
‘Táim socraithe agus táim ceart go leor.
‘Sea, go meabhrach agus go fisiciúil, ní raibh a fhios agam cad ba cheart dom a dhéanamh,’ a dúirt Louis.
‘An focal ailse, cloiseann tú é agus ceapann tú “Oh a Dhia!”
‘Níor tháinig siad air ar dtús. Is rud annamh é ach táim ceart go leor. Is féidir leo é a bhainistiú.’
Le linn an chomhrá oscailte phléigh Louis freisin bás an amhránaí Boyzone Stephen Gately, a chaill a shaol de bharr fadhb chroí i 2009, agus é 33 bliana d’aois.

‘Oíche Shathairn i ndiaidh an X Factor a bhí ann, agus fuair mé na téacsanna seo go léir.
‘Ní fhéadfainn é a chreidiúint. Bhí sé uafásach. Is deacair fós a chreidiúint go bhfuil sé imithe.
‘Sílim go fóill go bhféadfadh sé a bheith ann áit éigin,’ a dúirt Louis.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.