Le pictiúir galánta ón mbainis: Réalta EastEnders agus a fear chéile nua as Éirinn

20/11/2024

Bainis speisialta le neart dathanna agus cairde Hollywood don réalta Disney+ as Tír Eoghain agus a fear céile nua Eastenders

Bainis ildathach Éireannach a bhí ann do réalta EastEnders Declan Bennett, atá aithne againn air mar Charlie Cotton ar an seó.

Phós sé an t-aisteoir Éireannach Fra Fee i searmanas i mBaile an Chaisleáin (Castletown) le neart ceoil.

Roghnaigh an lánúin nuaphósta culaith (suits) gheala chun lá a bpósta a cheiliúradh.

Bhí cuma dhathúil ar Declan, atá 43 bliain d’aois, i gculaith ghorm agus chaith Fra, atá 37 bliain d’aois, culaith mharúin.

wedding 6
Bainis Declan Bennett agus Fra Fee

Bhí roinnt amhrán inspreagtha ag an lánúin ar a lá bainise freisin.

Ina measc bhí léiriú d’amhráin Aretha Franklin, (You Make Me Feel Like) A Natural Woman, agus Oh Happy Day.

Bhí an seomra ag an ionad eile bainise, Mount Druid, maisithe le bláthanna agus bhí bean i gceannas ar an searmanas.

Agus choinnigh sí leis an téama ildathach ag caitheamh ceannbheart (headdress) bándearg le bláthanna ann.

Is as Dún Geanainn, Contae Thír Eoghain do Fra, agus tá aithne air as a ról mar Kazi ar an tsraith Hawkeye ar Disney+.

I measc na n-aíonna bainise a bhí ann, bhí cara an lánúin, an réalta Hollywood Luke Evans, agus a pháirtí Fran Tomas.

Chuaigh sé chuig na meáin shóisialta chun roinnt pictiúir ó lá mór na lánúine a roinnt.

‘Ba bhainis álainn a bhí ann; lá mothúchánach lán de ghrá, gáire, agus CEOL. An-chuid ceol beo! Comhghairdeas le Declan agus Fra,’ a scríobh sé.

Le linn na bainise phost sé gearrthóga, ag taispeáint an lánúin nuaphósta ag siúl amach ón altóir, agus na haíonna ag caitheamh peitil bláthanna os a gcionn mar cheiliúradh.

wedding 2
Réalta Hollywood Luke Evans agus a pháirtí Fran Tomas

Tá an lánúin le chéile ó 2020. Tá cónaí orthu le chéile i Sasana faoi láthair, ag roinnt teach in Oxfordshire.

Ní aon ionadh é go raibh bainis chomh dírithe ar cheol acu, mar bhí Declan ag iarraidh a bheith ina amhránaí sular tháinig sé i dtír ar a ról in EastEnders i 2014.

Síníodh le Warner Music é i 1999 tar éis láithriú ar This Morning ar ITV.

Bhí baint ag a charachtar in EastEnders le scéalta móra, ní haon iontas é i ndáiríre agus é i ról mac Nick Cotton.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram