Is ionann an meánchostas cíosa (rents) agus 90% de phá bliantúil oibrí

Tá an costas a bhaineann le háit chónaithe a fháil ar cíos ag méadú níos tapúla ná mar a bhí riamh, ainneoin líon na dtithe agus na n-árasán atá á dtógáil

Tá cíosanna, ar an meán, níos mó ná 90% de phá bliantúil oibrí ar íosphá (minimum wage) – agus tá siad fós ag ardú.

Tá siad ag ardú sé huaire chomh tapa agus a bhí ceithre bliana ó shin, nuair a chuir Covid-19 an tír faoi ghlas.

Tá meánchostas áit chónaithe sroichte beagnach €2,000 in aghaidh na míosa.

Willie O'Dea
Willie O’Dea

Dúirt an Daonlathach Sóisialach Cian O’Callaghan gurb é an meánchíos don bhliain, is é sin €23,460, ná 91% de thuarastal oibrí íosphá.

Bhí méadú 7.2% ar an tréimhse chéanna anuraidh. Bhí méadú 1.2% le linn aimsir Covid i 2020.

Ar an iomlán, tá cíosanna 43% níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim, tá sé sin léirithe ag an tuarascáil Daft.ie is déanaí do mhí Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhair.

Bhí an méadú is mó i gCathair Luimnigh, áit a raibh an meánchíos €350 níos airde in aghaidh na míosa, go dtí €2,221.

Is é sin níos mó ná 19% agus is é an dara háit is daoire é, i ndiaidh Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil an meánchíos €2,476 in aghaidh na míosa.

Tá an t-ardú ar chostas cíosa i Luimneach beagnach dhá oiread na harduithe i nGaillimh, a bhí 10.5%, agus Corcaigh a bhí 10.4%.

Dúirt Willie O’Dea, iarrthóir toghcháin Luimnigh d’Fhianna Fáil: ‘Tháinig mé ar chásanna ina bhfuil na cíosanna atá á ngearradh ag teorainn le cúrsaí coiriúla.

‘Creidim gur cheart teorainn chíosa a bheith ann mar go bhfuil go leor de na daoine seo atá ag dul gan dídean á ndíshealbhú ó thionóntachtaí príobháideacha.’

I mBaile Átha Cliath, bhí cíosanna 5.2% níos airde ná bliain roimhe sin.

Is é meánchíos an mhargaidh oscailte sa Stát anois ná €1,955 in aghaidh na míosa.

I gcathair Phort Láirge (Waterford) mhéadaigh an meánchíos 5.8% ar an mbliain roimhe sin, agus lasmuigh de na cathracha, tháinig méadú 8.3% ar chíosanna.

Chomh maith leis sin, tá laghdú 45% tagtha ar líon na n-áiteanna atá ar fáil ar chíosanna ar an margadh oscailte ón am roimh phaindéim Covid.

Ar an iomlán, tá cíosanna 43% níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim
Ar an iomlán, tá cíosanna 43% níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim

Ag tús mhí na Samhna ní raibh ach 2,400 teach ar cíos, laghdú 14% ar bhliain ó shin, agus i bhfad faoi bhun an mheáin de 4,400 idir 2015 agus 2019.

Dúirt an Daonlathach Sóisialach Cian O’Callaghan gurb é an meánchíos don bhliain, is é sin €23,460, ná 91% de thuarastal oibrí íosphá.

‘Táthar ag súil go n-oibreoidh cíosaí chun an chuid is mó dá dtuarastal a thabhairt ar láimh dá tiarna talún, má tá an t-ádh leo áit chónaithe a fháil,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram