12 leid na Nollag. Níos lú a chaitheamh agus níos mó taitneamh

14/11/2024

Ciallaíonn géarchéim costais mhaireachtála go gcaithfidh teaghlaigh níos lú an t-am Nollag seo, ach seo roinnt leideanna chun an leas is fearr a bhaint as a bhfuil againn

Tá teaghlaigh ag pleanáil le haghaidh Nollag níos lú mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála.

Tá sé ráite ag níos mó ná trian de na daoine (36%) go bhfuil siad ag súil le gearradh síos ar chaiteachas i gcomparáid leis an mbliain seo caite.

Tá beagnach trí cheathrú (72%) ag súil go mbeidh siopadóireacht i bhfad níos costasaí i mbliana.

Déan liosta siopadóireachta agus coinnigh leis
Déan liosta siopadóireachta agus coinnigh leis

Agus sin tar éis do 70% a rá go raibh an caiteachas níos airde anuraidh chomh maith.

Dúirt níos mó ná leath (52%) na daoine go laghdóidh siad ar a gcaiteachas siopadóireachta i mbliana, de réir suirbhé is déanaí Next Gen Retail de chuid KPMG.

Chomh maith leis sin tá sé beartaithe ag 56% de na freagróirí gearradh siar ar bhealaí i mbialann i mbliana.

Ciallaíonn arduithe praghais le déanaí go bhfuil níos mó ná leath na daoine (54%) ag súil le bronntanais níos lú a thabhairt i mbliana.

Mar sin féin, tá roinnt comhairle ag ExtraG.ie ar an chaoi is fearr le taitneamh a bhaint as am sona sláintiúil gan an iomarca airgid a chaitheamh agus – níos tábhachtaí fós – gan dul i bhfiacha troma.

Suigh síos ANOIS agus pleanáil do chaiteachas ar fad
Suigh síos ANOIS agus pleanáil do chaiteachas ar fad

Seo ár 12 leid faoi chostas Nollag:

1. Déan plean buiséid agus coinnigh leis;

2. Déan liosta siopadóireachta agus coinnigh leis:

3. Suigh síos ANOIS agus pleanáil do chaiteachas ar fad;

4. Bí cinnte cé mhéad atá ar fáil agat agus ná faigh airgead ar iasacht;

5. Coinnigh le do liosta agus ná bíodh cathú ort ag díolacháin nó tairiscintí speisialta chun earraí eile nach bhfuil ar do liosta a cheannach.

6. Is laethanta coitianta iad an Aoine Dhubh (Black Friday,  an Aoine dheireanach i mí na Samhna) agus an Cibear-Luan (Cyber Monday, an chéad Luan i ndiaidh na hAoine Duibhe) chun rudaí a cheannach i siopaí chomh maith le díolacháin ar líne – ach is minic a leanann díolacháin ar aghaidh i do shiopaí áitiúla go dtí mí na Nollag.

7. Seiceáil amanna seachadta na n-earraí a cheannaítear ar líne agus an beartas um fhilleadh nó malairte.

8. Coinnigh gach admháil le chéile.

9. Má tá do chárta creidmheasa á úsáid agat coinnigh súil ar an méid a chaitheann tú agus cinntigh gur féidir leat do chuid íocaíochtaí míosúla a dhéanamh.

10. Ní dhúnann siopaí ach ar feadh lá nó dhó i rith na Nollag, mar sin ní gá an iomarca a cheannach le chéile.

11. Bí i gclub na Nollag. Ní shábhálfaidh tú mórán i mbliana ach bainfidh sé go leor den strus as, sna blianta amach romhainn.

12. Is an rud is tábhachtaí ar fad. Baineann an Nollaig le taitneamh a bhaint as a bheith le chéile, ní ar an méid airgid atá ag duine. Agus bí ann dóibh siúd atá ina n-aonar.

Dúirt ceannasaí miondíola (head of retail) KPMG, Keith Watt: ‘Is é an praghas an príomhfhachtóir fós a théann i bhfeidhm ar thomhaltóirí agus iad ag roghnú cá háit le siopadóireacht a dhéanamh, le 52% á rangú mar rud ríthábhachtach.

‘Tugann ár dtorthaí le tuiscint go mbeidh buiséadú cúramach agus béim níos láidre ar luach ag baint leis an Nollaig seo.’

Thug an comhairleoir airgeadais Mark Coan, ó Moneysherpa.ie, rabhadh in aghaidh iasachtaíocht Nollag
Thug an comhairleoir airgeadais Mark Coan, ó Moneysherpa.ie, rabhadh in aghaidh iasachtaíocht Nollag

Dúirt KPMG freisin gur ‘ábhar imní’ é an ‘céatadán suntasach’ de dhaoine idir 18 agus 34 bliana d’aois a bheartaíonn, in am Nollag, iasachtaí a fháil – thart ar 30% díobh.

Thug an comhairleoir airgeadais Mark Coan, ó Moneysherpa.ie, rabhadh in aghaidh iasachtaíocht Nollag. Dúirt sé: ‘Tá sé an-éasca dul ar an taobh mícheart de. Tá níos mó roghanna ná riamh le ceannach anois agus íoc níos déanaí.

‘Má dhéanann tú “splurge”, is mó a íocann tú as i mí Eanáir.’

Rinne Red C an suirbhé KPMG i measc sampla ionadaíoch náisiúnta de bhreis is 1,000 duine fásta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram