Réalta rugbaí na hÉireann Brendan Mullin ciontach as €500,000 a ghoid ó Bhanc na hÉireann

Iarimreoir rugbaí Brendan Mullin ar bhannaí ag fanacht le pianbhreith tar éis é a fháil chiontach

Fuarthas iar-réalta rugbaí na hÉireann Brendan Mullin ciontach as €500,000 a ghoid ó bhanc príobháideach de chuid Bhanc na hÉireann, nuair a bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta air, deich mbliana ó shin.

Dúirt an giúiré go raibh sé ciontach i 12 de na 14 chúiseamh ina choinne sa chúirt Dé Máirt, tar éis beagnach seacht n-uaire an chloig de phlé.

Ní raibh mothúchán le feiceáil ar Mullin nuair a léadh amach cinneadh an giúiré.

Cúisíodh an iarimreoir rugby , atá 61 bliain d’aois, sa Chúirt Chuarda Choiriúil i mBaile Átha Cliath, as naoi gcúiseamh as níos mó ná €570,000 a ghoid ón mbanc idir 2011 agus 2013.

Brendan Mullin
Brendan Mullin

Bhí cúig chúiseamh cuntasaíochta bréagach ina aghaidh freisin. Shéan sé gach cúiseamh ina choinne.

D’ordaigh breitheamh na trialach don ghiúiré fíorasc (verdict) neamhchiontach a thabhairt isteach faoi líomhain cealgaireacht (deception), ag líomhain gur spreag Mullin beirt oibrí bainc chun litir údaraithe íocaíochta a shíniú.

Éisteadh sa chás, a mhair trí seachtaine, go ndearnadh líomhaintí go raibh Mullin, as Bóthar Stigh Lorgan, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4, ag gníomhú go mímhacánta nuair a shocraigh sé go n-íocfadh an banc príobháideach suimeanna airgid le haturnaetha McCann Fitzgerald, cuntasóirí Beechwood agus Grant Thornton as obair a rinneadh dó go pearsanta nó dá ghnólacht Quantum Investment Strategies.

Dúirt an t-ionchúiseamh freisin gur ghoid Mullin €500,000 ó Bhanc na hÉireann le linn cliseadh cumarsáide i measc codanna éagsúla den ghrúpa baincéireachta, agus gur aistríodh an t-airgead i ndeireadh na dála chuig comhlacht ar a dtugtar Spice Holdings, a bhí cláraithe sna British Virgin Islands.

Chuala an chúirt gur cliant é Spice Holdings a thug an tUasal Mullin isteach sa bhanc.

Ag imirt rugbaí d'Éireann
Ag imirt rugbaí d’Éireann

Thug an giúiré fíoraisc neamhchiontach ar dhá chúiseamh a bhain le Beechwood Partners.

Bhain siad seo le goid líomhnaithe €6,150 ón mbanc príobháideach as obair a rinne an chuideachta seo don Uasal Mullin agus muirear cuntasaíochta bréagach a bhain leis an gcéanna.

Ghabh an Breitheamh Martin Nolan buíochas leis an ngiúiré as a dhianobair.

D’athchuir sé an iarimreoir rugby ar bhannaí leanúnacha de thuras na huaire.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram