

Tá déistin ar mháthair an íospartaigh a d’ionsaigh Kyle Hayes gur bronnadh gradam All Star ar an iománaí Luimnigh.
Tugadh onóir do Hayes leis an ngradam tar éis dó a bheith ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar a mac.
Gearradh pianbhreith dhá bhliain ar fionraí ar Hayes, atá 26 bliain d’aois, mí na Nollag seo caite.

Ciontaíodh é in dhá chúis de mhí-ord foréigneach ag club oíche Icon, i Luimneach, i mí Dheireadh Fómhair 2019.
Tá cúig bhonn Craoibhe na hÉireann buaite ag Hayes san iománaíocht, agus ag searmanas Dé hAoine seo caite bronnadh gradam All Star air.
Ba é sin ba chúis le fearg i measc an phobail.
Chiceáil Hayes, chomh maith le leo siúd a bhí in éineacht leis, Cillian McCarthy, atá 24 bliain d’aois, agus atá ina siúinéir, go brúidiúil agus é ina luí ar urlár rince an chlub oíche.
Dúirt máthair Cillian, Elaine McCarthy le Liveline ar RTÉ Dé Máirt nár ghabh Hayes leithscéal riamh.
Dúirt sí freisin nach dtabharfadh sí maithiúnas dó dá ndéanfadh sé amhlaidh anois mar ‘go mbeadh sé ar na cúiseanna míchearta… tá sé ceithre bliana ródhéanach’.

Dúirt sí: ‘Tá an geansaí glas agus bán á thabhairt acu do choirpeach ciontaithe; fágadh cuid eile [ó fhoireann Luimnigh] i bhfad níos lú.
‘Murach teacht na gardaí, seans nach mbeadh Cillian beo inniu.’
D’fhulaing Cillian soicéad súl (eye socket) briste san ionsaí a rinne Hayes.
Dúirt Elaine McCarthy: ‘Bhí na ciceanna ar a cheann uafásach.
‘Bhí sé ina luí ar an talamh ag clúdach a cheann, ag iarraidh orthu stopadh,’ a dúirt sí.

‘Bhí orainn oibriú le chéile mar theaghlach chun é a tharraingt tríd.
‘Ba é Cillian an t-íospartach anseo, ná déanaimis dearmad air sin.
‘Chuaigh sé amach ar feadh cúpla deoch lena chairde – níor tháinig sé abhaile mar a chuaigh sé amach.
‘Tá daoine ag caint faoi ag rá “Kyle bocht” agus “Bheadh sé seo ar crochadh os a chionn”. Bhuel, is mar sin atá sé againn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.