

Tá trúpaí an Gharda Náisiúnta (National Guard) réidh don fhoréigean polaitiúili gceann de na toghcháin is gaire agus is teo i stair Mheiriceá.
Léirigh pobalbhreith Donald Trump agus Kamala Harris leis an líon céanna vótaí, tar éis feachtais a chuimsigh dhá iarracht feallmharaithe (assassination), triail choiriúil agus tarraingt siar drámatúil Joe Biden mar iarrthóir na nDaonlathaithe.
Mar gheall ar agóidí foréigneacha, a chuir isteach ar pholaitíocht Mheiriceá le blianta beaga anuas, beidh snípéirí agus ‘drones’ faireachais ag ionaid vótaíochta agus chomhairimh.

Tá cnaipí práinne (panic button) curtha isteach freisin don fhoireann, agus tá oiliúint ‘active shooter’ faighte ag cuid acu.
Tá siopaí agus gnólachtaí i gcathracha ar fud Mheiriceá lena n-áirítear Washington DC curtha ar bord cheana féin, agus iad ullamh le haghaidh agóidí nuair a chraoltar nuacht faoi na vótaí.
Tá trúpaí an Gharda Náisiúnta amach i dtrí stát ar a laghad – Nevada, Oregon agus Washington – tar éis na gcíréibeacha ar 6 Eanáir, 2021.
Dúirt oifigigh i Washington go bhfuil eolas acu maidir le foréigean a d’fhéadfadh a bheith bainteach le toghcháin.
Bhí an stát, áit a bhfuiltear ag súil go mbuafaidh Harris go héasca, ar cheann de dhá cheann inar cuireadh boscaí ballóide trí thine le déanaí.
Tá póilíní breise tugtha isteach chun patról a dhéanamh ar na sráideanna, agus glacfaidh snípéirí poist ar an díon in aice le hionaid vótaíochta ar fud Mheiriceá.
Thug an FBI rabhadh don phobal faoi fhíseáin víreasacha ag iarraidh amhras a chur faoi ionracas an toghcháin – a cheaptar a bheith ó ghníomhairí na Rúise.

Thug mac Trump, Donald Trump Jr, le fios gur cheart do Phoblachtánaigh gníomhú.
Ag labhairt dó le lucht tacaíochta ag slógadh i North Carolina, dúirt sé: ‘Téigh ar an bhfód, beir leat chairde. Má fheiceann tú fadhb, déan físeáin. Taispeáin do gach duine é. Ná lig dóibh a gcluichí a imirt.’
Osclóidh na chéad ionad vótála ar an gCósta Thoir ag 10am in am na hÉireann (5am am an Oirthir).
Táthar ag súil leis na chéad réamh-mheastacháin stáit ag thart ar 11pm, ach ní dócha go dtiocfaidh aon eolas faoi thorthaí sna seacht bpríomhstát roimh 1am.
US Election Special, 11.20pm go 3.30am, RTÉ a hAon
Is iad Miriam O’Callaghan, i Washington, agus David McCullagh, i mBaile Átha Cliath, a bheidh ag caint faoi thoghchán Mheiriceá.
US Election 2024, 10.40pm go 9am
Caitríona Perry agus Sumi Somaskanda, le Clive Myrie, Sarah Smith agus Gary O’Donoghue. Cuirfidh Jon Kay clár i láthair ar BBC Breakfast.
America Votes: Election Night Live, 10pm to 10am.
In éineacht le Mark Austin agus Yalda Hakim ag caint faoi thoghchán Mheiriceá beidh Mark Stone, Anna Botting agus Gillian Joseph agus na comhfhreagraithe James Matthews agus Martha Kelner.
Agus na comórtais chomh gar sin, d’fhéadfadh sé laethanta a ghlacadh chun an buaiteoir a theacht chun cinn.
Agus táthar ag súil go mbeidh tionchar forleathana ag an vóta stairiúil ar fud na hEorpa agus sa Mheánoirthear.Tá trúpaí an Gharda Náisiúnta amach i dtrí stát ar a laghad – Nevada, Oregon agus Washington – tar éis na gcíréibeacha ar 6 Eanáir, 2021.
Dúirt oifigigh i Washington go bhfuil eolas acu maidir le foréigean a d’fhéadfadh a bheith bainteach le toghcháin.
Bhí an stát, áit a bhfuiltear ag súil go mbuafaidh Harris go héasca, ar cheann de dhá cheann inar cuireadh boscaí ballóide trí thine le déanaí.

Tá póilíní breise tugtha isteach chun patról a dhéanamh ar na sráideanna, agus glacfaidh snípéirí poist ar an díon in aice le hionaid vótaíochta.
Thug an FBI rabhadh don phobal faoi fhíseáin víreasacha ag iarraidh amhras a chur faoi ionracas an toghcháin – a cheaptar a bheith ó ghníomhairí na Rúise.
Thug mac Trump, Donald Trump Jr, le fios gur cheart do Phoblachtánaigh gníomhú.
Ag labhairt dó le lucht tacaíochta ag rally i North Carolina, dúirt sé: ‘Téigh ar an bhfód, beir leat chairde. Má fheiceann tú fadhb, déan físeáin. Taispeáin do gach duine é. Ná lig dóibh a gcluichí a imirt.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.