

Tá Donald Trump ag buachan vótaí ó Kamala Harris, ach tá sise ag buachan vótaí uaidh, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí.
Tá sé fós dodhéanta a rá cé hé nó í an buaiteoir dóchúil toghchán uachtaránachta Mheiriceá, de réir na n-anailísithe.
Mar sin féin, tá gach duine ag breathnú ar na ‘swing states’.

Is iad sin: Michigan, Pennsylvania, Wisconsin, Arizona, Georgia, Nevada, agus North Carolina.
Agus tá athruithe móra tarlaithe de réir an tsuirbhé dheireanach roimh an toghchán.
Bhíothas ag súil go mbuafaidh Harris Michigan, Pennsylvania agus Wisconsin, áit a bhfuil níos mó tóir ag na Daonlathaigh ná ag Poblachtánaigh le tamall anuas.
Mar sin féin, tá níos mó tóir ar Trump sna stáit theas, ar a dtugtar na ‘Sun Belt States’, agus ina measc tá Arizona, Georgia, Nevada agus North Carolina.
Bhíothas ag súil go rachadh na ceithre stát sin chuig Trump nuair a bhí Joe Biden mar iarrthóir, sin an fáth ar bhfuair na Daonlathaigh réidh leis – ach anois, tar éis Harris seasamh, an bhfuil aon athrú?
Sa tsraith dheireanach pobalbhreith ag The New York Times agus Siena College, tá Harris ag fáil tacaíochta i North Carolina agus Georgia ach tá Trump ag fáil tacaíochta i Pennsylvania agus ag fás níos láidre in Arizona.
Tá Harris anois beagán chun tosaigh i Nevada, North Carolina agus Wisconsin, agus Trump chun tosaigh in Arizona.
Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil siad comhionann i Michigan, Georgia agus Pennsylvania.
Mar sin féin, tá na torthaí i ngach ceann de na seacht stát laistigh den lamháil earráide (margin of error), rud a chiallaíonn nach bhfuil ceannasaíocht chinntitheach ag ceachtar iarrthóir in aon cheann acu.
Agus taobh amuigh de na ‘swing states’, tá pobalbhreith i Iowa a rá go mbeidh an bua ag Harris ansin, rud a bheadh go dona do Trump.
Chomh maith leis sin, tá anailís eile á rá nach bhféadfadh an toradh a bheith ag brath ach ar dhá stát agus gurb iad Pennsylvania agus Georgia an dá stát is tábhachtaí san fheachtas.

Má bhuann Trump i Pennsylvania is dócha go mbeidh sé ina uachtarán, má bhuann Harris i Georgia, is dócha go mbeidh sise ina huachtarán, de réir an anailís sin.
Tá Harris ag cailleadh tacaíochta freisin i measc vótálaithe traidisiúnta na nDaonlathach. Sa phobalbhreith NBC is déanaí, thit sí 20 pointe le vótálaithe Hispanic agus ceithre phointe le vótálaithe gorma.
Tá sí ag cailleadh tacaíochta freisin i measc Moslamaigh i Meiriceá mar gheall ar a tacaíocht do pholasaí Joe Biden i bhfabhar Iosrael ina chuid ionsaithe ar Gaza, an Liobáin agus ceantair eile sa Mheánoirthear.
Is í an íoróin do Trump, má chailleann sé, go bhfuil an feachtas diúltach ag déanamh dochair don dá iarrthóir agus toisc nach bhfuil formhór na vótálaithe sásta le riarachán Biden bheadh an bua go héasca ag iarrthóir Poblachtánach níos measartha.
De réir na pobalbhreithe ní maith le formhór na vótálaithe ceachtar den dá iarrthóir. Tá Harris beagán níos tarraingtí mar charachtar ach tá muinín acu as Trump as a bheith i gceannas ar an ngeilleagar agus inimirce.
D’fhéadfadh Donald Trump nó Kamala Harris níos mó vótaí a fháil Dé Máirt, áfach, agus toghchán uachtaránachta Mheiriceá a chailleadh fós.
Ní comhartha é sin ar dhaonlathas sláintiúil, áfach. Mar sin féin, tarlaíonn sé sin go minic thall, agus ní cosúil go gcuireann sé isteach ar mórán.
Is é seo an tríú toghchán uachtaránachta i Meiriceá as a chéile go bhfuil an toradh ag brath ar na seacht ‘swing states’.
Fadhb leis an gcóras i Meiriceá ná nach féidir le gach duine ach an duine is fearr leo a roghnú. Ní féidir leo an dara duine is fearr leo a roghnú, mar is féidir le vótálaithe i dtíortha le hIonadaíocht Chionmhar (Proportional Representation) cosúil le hÉirinn.
Go simplí ciallaíonn sé seo, dá mbeadh beirt iarrthóir coimeádacha ann agus go mbuafadh siad 30% de na vótaí an ceann, agus iarrthóir forásach (progressive) amháin an le 40% de na vótaí, bheadh an bua ag an iarrthóir forásach i Meiriceá, ach bheadh an bua ag duine de na coimeádaigh in Éirinn.
Sé sin bheadh an bua ag 60% do na vótálaithe in Éirinn in ionad 40%. i Meiriceá

Ciallaíonn sé sin go mbíonn na vótálaithe go láidir ar thaobh amháin nó ar an taobh eile, agus déanann sé sin an pholaitíocht deighilte go mór.
Ní thoghfaí iarrthóir measartha, a lorgaíonn comhréiteach idir an dá thaobh.
Is cuma más forásach nó coimeádach tú, ní daonlathas atá ag feidhmiú i gceart atá ar siúl é sin.
Chomh maith leis seo tá an córas Coláiste Toghcháin (Electoral Colleges) an-sean ag na Meiriceánaigh, áit a vótálann 270 ionadaí ó na stáit éagsúla don uachtarán.
Mar gheall air sin bhí na hanailísithe go léir ag rá, go dtí seo, nach gcinnfidh na torthaí ó ach na seacht ‘swing states’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.