

Deir Micheál Martin gurbh fhéidir nach mbeidh am ag an Rialtas Bille in aghaidh fhorghabháil mhídhleathach (illegal occupation) a thabhairt isteach.
Tá sé seo in ainneoin go bhfuil an Rialtas ag cur isteach reachtaíocht faoi luas le haghaidh a ‘giveaway Budget’ roimh an toghchán.
Tá sé ráite ag an Tánaiste, an tUasal Martin, go mbeidh sé ‘dúshlánach’ an Bille a chuir isteach roimh an olltoghchán.

Chuirfeadh an Bille cosc ar allmhairí (imports) ó thalamh na Palaistíne atá forghafa go mídhleathach ag Iosraelaigh.
Tá sé fógartha cheana féin ag an Taoiseach Simon Harris go dtabharfaí an Bille isteach go tapa.
Dúirt an tUasal Harris an tseachtain seo caite: ‘Ba mhaith linn a fheiceáil an bhfuil sé indéanta anois bogadh ar aghaidh ó thaobh srianta trádála de, i dtéarmaí na gcríoch Palaistíneacha gafa.
‘Gheobhaidh mo Rialtas comhairle foirmiúil ónár nArd-Aighne maidir le cad is féidir linn a dhéanamh sa réimse seo, mar tá an comhthéacs athraithe go mór ó tugadh tuairim chomhairleach an ICJ i mí Iúil.
‘Go deimhin, rachainn chomh fada lena rá nach bhfuil sé anois ina rogha ag tíortha a thacaíonn leis an ICJ.
‘Is oibleagáid é gníomhartha a ghlacadh chun cuidiú leis an tuairim sin a thabhairt i gcrích.’
Tagann sé seo in am atá imní idirnáisiúnta ag méadú faoi ionsaithe Iosrael ar Gaza, áit ar maraíodh 41,000 duine, agus ar an Liobáin freisin.

Dúirt an tUasal Martin gur athraigh tuairim chomhairleach (advisory position) ó phríomhchúirt na Náisiún Aontaithe ‘comhthéacs’ na comhairle dlí a fuair siad faoin mBille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch a Rialú (Críocha faoi Fhorghabháil), 2018.
Mar sin féin, dúirt sé go bhfuil an Rialtas ag iarraidh leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar an mBille.
De bharr leasuithe an Rialtais ní dócha go mbeidh an Bille rite sula nglaofar an toghchán, a dúirt an tUasal Martin.
D’aontaigh triúr ceannaire an Chomhrialtais Dé Luain le dáta vótaíochta i mbliana.
Cé gur aontaigh páirtithe an Rialtais tosaíocht a thabhairt don Bhille Airgeadais, rachaidh reachtaíocht eile nár ritheadh go fóill roimh thoghchán as feidhm nuair a thagann deireadh leis an Dáil seo.
Dúirt an tUasal Martin go dtabharfadh sé meabhrán (memorandum) don Rialtas chun ‘cosán chun cinn (pathway forward) a chur in iúl maidir le dul ar aghaidh’.
Dúirt sé: ‘Rachaidh mé i gcomhairle freisin le húdar an Bhille, Frances Black agus daoine eile, maidir leis na leasuithe sin agus an Bille a bhogadh ar aghaidh ón áit ina bhfuil sé faoi láthair.’

Dúirt an tUasal Martin go mbeadh sé ‘dúshlánach’ an Bille a rith le linn shaolré an Rialtais reatha.
Is dócha anois gur ar an 29 Samhain nó ar an 6 Nollaig a mbeidh toghchán.
‘Beidh leasuithe substaintiúla de dhíth air,’ a dúirt an tUasal Martin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.