Scéal Bram Stoker nua-aimsithe, adhlactha (buried) agus anois beo

20/10/2024

D’aimsigh fear as Baile Átha Cliath scéal le Bram Stoker a adhlacadh ar feadh 134 bliain, díreach cosúil le Dracula

Tá Oíche Shamhna ag teacht agus nach é an t-am ceart é chun píosa scríbhneoireachta mistéireach le Bram Stoker a éirí ó uaigh (grave).

Ar ndóigh, bhí Bram Stoker clúiteach as an gcarachtar neamh-mharbh is cáiliúla riamh a chruthú.

Anois, áfach, tá scéal nua ag Stoker ag teacht chun cinn ó lasmuigh den uaigh.

Tá scéal 134 bliain d’aois ón údar Dracula, a rugadh i mBaile Átha Cliath, aimsithe i leabharlann i mBaile Átha Cliath.

Daisy Hollingsworth, 6 bliana d'aois, ó Chaisleán Cnucha; Kyron Meegan, 7 mbliana d’aois, as Dún Laoghaire; agus Luca Lopes, 5 bliana d’aois, ón gCanáil Mhór, i bhfeisteas Oíche Shamhna cruthaithe ag Sinéad Clarke chun cabhrú le féile Bram Stoker 2024 a sheoladh
Daisy Hollingsworth, 6 bliana d’aois, ó Chaisleán Cnucha; Kyron Meegan, 7 mbliana d’aois, as Dún Laoghaire; agus Luca Lopes, 5 bliana d’aois, ón gCanáil Mhór, i bhfeisteas Oíche Shamhna cruthaithe ag Sinéad Clarke chun cabhrú le féile Bram Stoker 2024 a sheoladh

Scríobh an t-údar clúiteach Gibbet Hill agus foilsíodh é i bhforlíonadh (supplement) Nollag an Dublin Daily Express sa bhliain 1890.

Mar sin féin, níor aimsíodh an scéal go dtí am éigin anuraidh.

Tháinig Brian Cleary, duine de lucht leanúna Stoker ar feadh a shaoil, trasna ar an sliocht ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tháinig sé air agus é ag léamh fógra ón nuachtán ó Lá Caille (New Year’s Day) 1891 chun an forlíonadh a chur chun cinn.

Dúirt sé: ‘Chuir an smaoineamh isteach orm gurbh fhéidir gur mise an t-aon duine beo a léigh é.

‘Agus ba é an chéad smaoineamh eile, “Cad ar domhan a dhéanfaidh mé leis?”‘

D’iarr Brian ar bheathaisnéisí Stoker, Paul Murray, a dheimhnigh nach raibh sé le feiceáil i gcáipéisí stairiúla nó leabharliostaí an údair.

Bram Stoker
Bram Stoker

Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: ‘Tá fíor-fhionnachtana (discoveries) tábhachtacha domhanda ag fanacht le fáil, agus is sampla iontach é saothar bleachtaireachta amaitéarach iontach Brian.’

D’fhoilsigh Stoker an scéal Gibbet Hill an bhliain chéanna ar thosaigh sé ag scríobh Dracula, ach bhí seacht mbliana ann sular fhoilsigh sé an t-úrscéal.

Beidh an chéad léamh poiblí ar an scéal Gibbet Hill an Satharn seo chugainn, mar chuid d’Fhéile Bram Stoker i mBaile Átha Cliath.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram