

Tá líonra na Gaeilge ag fás i gceantair Bhaile Átha Cliath Thiar agus Chill Dara, mar sin tá roinnt imeachtaí atá ar siúl ar fáil anseo do Ghaeilgeoirí, agus dóibh siúd atá ag iarraidh a gcúpla focal a chleachtadh.
Ach ar dtús, an deascéal seo ó Chill Dara:
Tá €10,000 buaite ag Cill Dara le Gaeilge, eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn i gcontae Chill Dara, ag Gradaim Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta.
Tá an scéal iomlán i Tuairisc.ie ag Maitiú Ó Coimín ANSEO
●Tá sé mar aidhm ag ExtraG.ie cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge do GACH DUINE, ní hamháin dóibh siúd atá líofa.
●Mar sin, má tá imeacht i do cheantar, nó níos fearr fós, má bhíonn imeachtaí rialta ar siúl, seol alt nó dhó chugainn leis na sonraí agus pictiúr nó póstaer nó dhó freisin.
Chun eolas a fháil ar cad atá ar siúl i mBaile Átha Cliath, cliceáil ANSEO ar baclegaieilge.ie
Féach deireadh an phoist seo le cliceáil ar naisc chuig trí stáisiún raidió Gaeilge agus TG4 (Féach deireadh an phoist seo le cliceáil ar naisc chuig trí stáisiún raidió Gaeilge agus TG4)

18/10 – Beidh Craobh Inse Chór de chuid Chonradh na Gaeilge ag teacht le chéile arís lena gcomharsan i gClub CLG Dea-Chomhairle-Gaeil na Life le haghaidh oíche siamsaíochta in a gClubteach ar Bhóthar Mhic Dháibhéid ar Aoine 18ú Deireadh Fómhair.
Is cuid den sraith ‘Preab sa Cheol’ a eagraíonn Craobh Inse Chór timpeall an cheantair ag mealladh ceoltóirí éagsúla don phobal ó chian is ó chóngar.
Bíonn blas de gach saghas seanré acu sa sraith agus an uair seo beidh foinn Gaelach clasaiceach seinnte agus amhránaíocht ar an sean nós.
Tar eis an ceolchoirm beidh fáilte roimh dhaoine dul isteach sa bheár chun a gcuid Ghaeilge a úsáid i bPop-Up Gaeltacht agus beidh seisiúin ceol níos neamhfhoirmiúla ansin.
Tá na ticéid ar fáil ar eventbrite CLICÁIL ANSEO
Tá tuilleadh eolas ar fáil ó: insechor@cnag.ie

21/10 – Beidh an cláirseoir, Sophie Ní Riain, ag seinm i Leabharlann Thamhlachta, Dé Luain, 21 Deireadh Fómhair, ag 6.30pm do Lá Idirnáisiúnta na Cruite

24/10 – Tá Tráth na gCeist Tábhairne (pup quiz) eagraithe ag Eoin Ó Broin agus craobh áitiúil na nDaonlathaithe Sóisialta sa Purty Central i Sráidbhaile Chluain Dolcáin Déardaoin 24 Deireadh Fómhair ag 7:30pm, mar chuid de a fheachtas olltoghcháin.

25/10 – Bíonn an Dolcáin’s Cellar Open-Mic ar siúl ar an Déardaoin deiridh de gach mí ag 7pm. Fáilte roimh amhránaithe, filí agus fuirseoirí teacht chun dhá phíosa nó ar feadh cúig nóiméad a léiriú. Is é an t-ionad ná Monks Kitchen, an caifé san Heritage Centre. Tá imeacht mhí Dheireadh Fómhair ar athraíodh a ionad mar gheall ar Oíche Shamhna. Tá siad ar Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair. Eolas ANSEO


25/10 – Tá Áras Chrónáin, i sráidbhaile Chluain Dolcáin, ag reachtáil Céilí Oíche Shamhna Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair ag 8pm.

Tá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha fógartha agus tá iarratais á lorg. Gach eolas ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.