Beidh comhairle ar an mBille um Chríocha Gafa (Occupied Territories) ag Simon Harris i gceann seachtaine

Tá fonn ar an Taoiseach Simon Harris ‘gach rud is féidir’ a dhéanamh leis an mBille um Chríocha Gafa ‘chun deireadh a chur le forghabháil  mhídhleathach’

Anois go bhfuil olltoghchán luath aontaithe ag Fianna Fáil, tá brú ann, Bille na Críocha Gafa (Occupied Terrirories Bill) a chur ina dhlí sula dtiocfaidh deireadh leis an Dáil.

Mar thoradh ar an mBille cuirfear cosc ​​iomlán ar allmhairiú (importation) earraí agus seirbhísí ó lonnaíochtaí mídhleathacha (illegal settlements), lena n-áirítear ó lonnaíochtaí Iosraelacha sa Chríoch Áitithe Palaistíne (Occupied Palestinian Territory).

Tá vótáil déanta cheana féin ag an Dáil ar an mBille, sé bliana ó shin, ach níor achtaíodh (enact) é.

Thug an Seanadóir Francis Black isteach an Bille
Thug an Seanadóir Francis Black isteach an Bille

Anois, tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil fonn air an Bille a thabhairt isteach.

Dúirt sé go gcaithfidh an Rialtas ‘gach rud is féidir linn a dhéanamh ‘chun deireadh a chur le forghabháil  mhídhleathach (illegal occupation)’.

Tugadh an Bille isteach ar dtús agus vótáil tromlach sá Dáil ar a shon i 2018 ach dhiúltaigh an Rialtas a bhí ann ag an am é a thabhairt isteach.

Bhí sé ráite go bhféadfadh an Bille a bheith mídhleathach, ach tá comhairle dlí á lorg ag an Rialtas seo, agus deir an Taoiseach go bhfuil súil aige sin a bheith aige an tseachtain seo chugainn.

Dúirt sé go dtabharfaidh an tArd-Aighne (Attorney General) comhairle don Rialtas an tseachtain seo chugainn ar chúinsí athraithe (changed circumstances).

‘Ba mhaith linn a fheiceáil an bhfuil sé indéanta anois bogadh ar aghaidh ó thaobh srianta trádála de, i dtéarmaí na gcríocha Palaistíneacha gafa,’ a dúirt sé.

Is gnách go ndéileáiltear le saincheisteanna amhail trádáil trí chomhaontú laistigh den Aontas Eorpach ach tá eisceachtaí ann.

Le hAirteagal 24 den Rialachán maidir le hallmhairí ó lasmuigh den Aontas Eorpach ceadaítear do Stáit allmhairiú earraí ó stáit a chosc ‘ar fhorais na moráltachta poiblí, an bheartais phoiblí [nó] cosaint sláinte agus beatha daoine’.

Agus b’fhéidir gur athraigh cinneadh na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (an ICJ)  i mí Iúil rudaí.

Chinn an Chúirt go raibh beartais lonnaíochtIosrael agus saothrú (exploitation) acmhainní nádúrtha (natural resources) i gcríocha na Palaistíne ag sárú an dlí idirnáisiúnta.

Agus i mí Mheán Fómhair, dúirt na Náisiúin Aontaithe gur cheart do gach tír ‘athbhreithniú a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí taidhleoireachta, polaitiúla agus eacnamaíocha le hIosrael.

Dúirt na Náisiúin Aontaithe gur cheart do thíortha ‘a chinntiú nach dtacaíonn nó nach soláthraíonn siad cúnamh dá láithreacht neamhdhleathach ar chríoch na Palaistíne faoi fhorghabháil’.

Agus b’fhéidir go dtabharfaidh sé sin an rogha d’Éirinn smachtbhannaí trádála aontaobhacha a ghlacadh in aghaidh Iosrael.

Micheál Martin
Micheál Martin

Dúirt an tUasal Harris gur ghlac sé leis gur inniúlacht (competence) de chuid an AE í trádáil, ach go mbeadh an Rialtas á threorú ag comhairle an Ard-Aighne.

Dúirt sé: ‘Gheobhaidh mo Rialtas comhairle fhoirmiúil ónár nArd-Aighne féin maidir le cad is féidir linn a dhéanamh sa réimse seo, mar tá an comhthéacs athraithe go mór ó tugadh tuairim chomhairleach an ICJ i mí Iúil.

‘Go deimhin, rachainn chomh fada lena rá nach bhfuil sé anois ina rogha ag tíortha a thacaíonn leis an ICJ.

‘Is oibleagáid é gníomhartha a ghlacadh chun cuidiú leis an tuairim sin a thabhairt i gcrích.’

Tá sé tugtha le fios ag an Tánaiste agus ceannaire Fhiann Fáil, Micheál Martin, go bhféadfadh toghchán a bheith ann an mhí seo chugainn nó i mí na Nollag, a thabharfadh dóthain ama don Dáil an Bille a achtú sula ndúnfar an Dáil.

Thug an Seanadóir Francis Black an Bille isteach sa Seanad agus thacaigh an Seanad leis i mí na Nollag 2018. Agus i mí Eanáir 2019, vótáil an Dáil le 78 vóta go 45 ina bhfabhar.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram