

Tá rabhadh práinneach eisithe tar éis do choirpigh €1,000 a ghoid ó bhean le cóid QR bréagacha ag méadair pháirceála.
Tá faitíos anois go bhféadfaí iad a úsáid go héasca i réimsí eile.
Is é ‘Quishing’ an bealach is déanaí ina bhfuil daoine á robáil le cleasa (tricks).
Déanann coirpigh feall ar úsáideoirí bóithre cóid QR bréagacha a scanadh lena nguthán.
Tá na cóid QR bréagacha in úsáid cheana i gcarrchlóis timpeall Bhaile Átha Cliath, chomh maith le Bré agus na Clocha Liatha (Greystones) i gContae Chill Mhantáin (Wicklow).
Cuirtear na cóid QR bréagacha go cúramach thar chód atá ann cheana féin, a atreoraíonn (redirect) custaiméirí chuig suíomh gréasáin inar féidir a gcuid airgid a ghoid.
I ngan fhios dóibh, tá daoine ag tabhairt sonraí a gcárta do na coirpigh a bhainistíonn an suíomh gréasáin.

Is féidir leis na robálaithe coiriúla rochtain a fháil ar ár gcuntais bhainc agus ar ár gcoigilteas (savings) ansin.
Ina theannta sin, níor íoc na daoine sin a bhfuil na cleasa seo meallta orthu as a bpáirceáil, rud a chiallaíonn gur féidir leo fíneálacha páirceála a fháil.
Chuaigh an comhairleoir neamhspleách do Bhré Thoir, Malachaí Duddy, ar X chun foláireamh a thabhairt dá lucht leanúna faoi na gadaithe agus dúirt sé go mbeidh sé ag ardú na ceiste le Comhairle Contae Chill Mhantáin.
‘Cuireadh ar an eolas mé faoi “scam” páirceála féideartha i mBré agus sna Clocha Liatha ag baint úsáide as cóid QR bréagacha chun rochtain a fháil ar do chuntas bainc,’ a dúirt sé ar X.
Dheimhnigh Comhairle Contae Fhine Gall freisin go raibh siad ar an eolas faoin scéal agus na cóid QR agus mhol siad do thiománaithe a bheith airdeallach faoi.

‘Is eol don Chomhairle go bhfuil greamán (stickers) QR bréagach á chur ar roinnt meaisíní, rud a thugann an t-úsáideoir chuig suíomh gréasáin calaoiseach a iarrann sonraí cárta creidmheasa agus sonraí pearsanta eile,’ a dúirt siad ar X.
‘Tá sé seo tuairiscithe don Gharda Síochána.
‘Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh do thiománaithe gan na cóid QR nó drochchóid a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil ar Mheaisíní Íoc agus Taispeáin a scanadh.’
Dúirt siad gur féidir le tiománaithe an ‘fíorfheidhmchlár páirceála, Payzone, a íoslódáil ar a ngutháin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.