Vótálaithe Mheiriceá ag casadh ar Kamala Harris le haghaidh athraithe – ach tá Trump chun tosaigh i stáit thábhachtacha

08/10/2024

Léiríonn an phobalbhreith is déanaí sa New York Times go bhfuil Kamala Harris beagán chun tosaigh ar Trump ach go mbeidh sé ar cheann de na toghcháin is chóngaraí le blianta.

Creideann níos mó vótálaithe Mheiriceá go ndéanfaidh an Leas-Uachtarán Kamala Harris, in ionad Donald Trump, athruithe.

Creideann siad freisin go mbeidh suim aici i ndaoine cosúil leo féin, de réir an phobalbhreith is déanaí ón New York Times/Coláiste Siena.

Clan Kamala Harris
Clan Kamala Harris

Léiríonn an phobalbhreith freisin go bhfuil Harris beagán chun tosaigh ar Trump go náisiúnta sa chomórtas don Teach Bán.

Seo an chéad uair a bhí sí chun tosaigh ar Trump i bpobalbhreith an Times/Siena ó mhí Iúil, nuair a d’éirigh an tUachtarán Joe Biden as.

Nuair a tharla sé sin tháinig na Daonlathaigh go léir taobh thiar de Harris mar ionadaí agus bhí níos mó fuinnimh taobh thiar dá feachtas.

Mar sin féin, tá na saineolaithe go léir ag déanamh anailíse ar vótálaithe anois, ní ar fud Mheiriceá, ach sna ‘stáit thábhachtacha. Agus deir siad go mbeidh sé seo ar cheann de na cinn is cóngaraí sa stair nua-aimseartha.

Agus léiríonn pobalbhreith an Times/Siena go bhfuil Trump chun tosaigh ar roinnt saincheisteanna, le beagán dul chun cinn ag Harris, ach fós taobh thiar de.

Fuarthas amach sa phobalbhreith, a rinneadh idir 29 Meán Fómhair agus 6 Deireadh Fómhair, i measc 3,385 vótálaí, go bhfuil Harris chun tosaigh ar Trump 49% go 46% go náisiúnta.

Mar sin féin tá Trump chun tosaigh i dTexas agus i bhfad chun tosaigh i bhFlorida sa phobalbhreith chéanna.

Tá Harris ag fáil tacaíochta ó vótálaithe níos sine agus fiú ó Phoblachtánaigh: tacaíonn 9% léi, suas beagán ó 5% an mhí seo caite.

Mar sin féin, is ar an cheist maidir le hathruithe a dhéanamh ar féidir léi dúshlán a thabhairt do Trump i ndáiríre.

Donald Trump
Donald Trump

Cuireann Trump, atá 78 bliain d’aois anois agus a bhí ina uachtarán ó 2016 go 2020, é féin i láthair mar an duine ón taobh amuigh ar féidir leis athrú a thabhairt isteach.

Nascann sé Harris go rialta leis na rudaí nach bhfuil meas orthu a tharla faoi Biden.

Ach de réir pobalbhreith Times/Siena creideann 46% de na vótálaithe go ndéanfaidh sise na hathruithe atá ag teastáil, agus creideann 44% go ndéanfaidh seisean iad.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram