Pósadh sona Eileen Dunne leis an ‘clamhsánaí’ Ros na Rún a bhí ar buile le Conan O’Brien ar TG4

07/10/2024

Leantóir mór a bhí ag Eileen Dunne ar Dancing with the Stars ná a fear céile, réalta Ros na Rún, Macdara Ó Fátharta

Chuir iar-léitheoir nuachta RTÉ, Eileen Dunne, ionadh orainn nuair a thaispeáin sí a cuid scileanna damhsa ag Dancing with the Stars – ach cad eile atá ar eolas againn fúithi?

Tá an craoltóir móréilimh pósta le duine de réaltaí móra ar Ros na Rún, a bhfuil cáil anois air as an aighneas a bhí aige le carachtar Conan O’Brien sa tsraith?

Léigh Eileen a feasachán (bulletin) nuachta deiridh ar an Naucht ag a Naoi ar RTÉ i 2022, tar éis 42 bliain ar an gcraoltóir náisiúnta.

Eileen ar Dancing with the Stars
Eileen ar Dancing with the Stars

Cé gur chríochnaigh sí a gairm bheatha le RTÉ, tá sí  fós chomh gnóthach is a bhí riamh agus níl aon chomharthaí uirthi go bhfuil sí ag moilliú.

Bhí Eileen ar ais ar an teilifís níos luaithe sa bhliain nuair a ghlac sí páirt ar Dancing with the Stars, áit ar chuaigh sí i gcion ar na moltóirí agus ar an lucht féachana i roinnt gúnaí galánta agus fiú le pónaí (poneytail) J-Lo aici.

Thaispeáin sí a scileanna rince chomh maith agus mhair sí ar an gcomórtas rince cáiliúla go dtí an seachtú seachtain.

Macdara Ó Fátharta
Macdara Ó Fátharta

Anois agus an t-am aici díriú ar a saol baile arís, beidh sí ag caitheamh neart ama lena fear céile aisteoireachta Macdara Ó Fátharta.

Phós Eileen agus Macdara (atá i ról Tadhg i Ros na Rún ó 1996 i leith) i 1993 nuair a bhí sí 35 bliain d’aois agus bhí seisean ina 40idí.

Cé go mbíonn ar Macdara go leor ama a chaitheamh i nGaillimh ag scannánú dráma TG4, d’éirigh leis fós taisteal go Baile Átha Cliath chun Eileen a fheiceáil ar Dancing with the Stars.

Chuir an lánúin fáilte roimh a mac Cormac Ó Fátharta i 1995.

Bhog Cormac go Barcelona i 2020 lena chailín, tar éis dó céim a bhaint amach ón gcoláiste.

Macdara le Conan O'Brien
Macdara le Conan O’Brien

Ag machnamh ar a muintir le linn a cuid ama ar Dancing with the Stars, dúirt Eileen: ‘Tá Macdara thíos i nGaillimh ag scannánú Ros na Rún ach beidh sé ag teacht aníos Dé Domhnaigh.

‘Beidh mo mhac Cormac ag teacht abhaile i gceann coicíse. Tá na gearrthóga agus gach rud feicthe aige, agus mar sin tá sé ag faire orm.

‘Níl mé cinnte an bhfuil sé náirithe nó nach bhfuil, ach tá sé díograiseach ar aon nós.’

Cibé rud a chinneann Eileen a dhéanamh ina dhiaidh seo, is dócha go bhfuil sé ceart a rá go mbeidh sí ar ais i súile an phobail.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram