

Tharla eachtra neamhghnách le déanaí – agus ansin laistigh de dhá mhí tharla sé arís! Iarrachtaí an t-iaruachtarán Donald Trump a fheallmharú atá i gceist.
San alt seo, fiosraíonn Micheál níos doimhne isteach sa chóras daonlathais agus a laige is atá sé faoi láthair go ginearálta agus go háirithe sna Stáit Aontaithe.
Ansin, díríonn sé isteach ar raidhfilí ionsaithe agus cé chomh furasta is atá sé iad a cheannach.
Nuair a chuireann tú an dá rud sin le chéile (míshástacht leis an gcóras daonlathais agus raidhfilí ionsaithe) bíonn drochthoradh i gcónaí!Léigh níos mó anseo:

Seo a srbíobh Micheál:
“Baineadh agus bainfear triail as go leor cineálacha Rialtais sa saol peacach agus brónach seo. Ní ligeann aon duine air go bhfuil an daonlathas foirfe nó críonna go hiomlán. Go deimhin, tá sé ráite gurb é an daonlathas an cineál Rialtais is measa ach amháin na cineálacha eile go léir a dtriailtear iad ó am go chéile.”
–Winston Churchill
Bíonn an Daonlathas faoi bhagairt i gcónaí. Ó am go ham, tuigeadh do bhunús na ndaoine go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin agus nach raibh an dara rogha acu ach iompú ar chóras éifeachtach éigin eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar aon duine, agus gan cur isteach ó aon duine.
Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Dhomhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe agus do ghrúpaí áirithe sna tíortha sin go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.
Cliceáil ANSEO chun an chuid eile a léamh nó éisteacht leis…

Ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn sna meáin go léir foilsíonn ExtraG.ie an colún seachtainiúil seo le Micheál Bairéad óna shuíomh idirlín mickgb.com.
Is féidir leat éisteacht leis freisin agus tú ag léamh, agus frásaí deacra a sheiceáil trí chliceáil ar aon fhocal.
Cibé ábhar a bhíonn aige ó sheachtain go seachtain, bíonn Micheál i gcónaí léargasach, faisnéiseach agus suimiúil.
AUDIO: Tá fuaimrian (audio) ar fáil an freisin, ag úsáid intleacht shaorga (AI), chun an téacs Gaeilge a léamh amach. Mar sin is féidir é a chloisteáil agus tú á léamh.
DICTIONARY: Agus tá foclóir ann, ag úsáid teanglann.i,e freisin, ionas gur féidir leat brú ar fhocal chun a bhrí (meaning) a fháil, díreach ar an leathanach atá á léamh agat.
Tá na colúin go léir le Micheál Bairéad i gcartlann amháin ar an suíomh mickgb.com. Tá beagnach trí chéad dóibh ann go dtí seo.
Chomh maith le sin tá 805 colún a sceíobh a athar, Peadar Bairéad, i gcartlann eile.
Is scríbhneoir agus colúnaí é Mícheál Bairéad a bhunaigh an suíomh gréasáin mickgb.com, mar chartlann dá scríbhinní.

Is Éireannach é atá ina chónaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada. Cé gur rugadh i gContae Mhaigh Eo é, d’fhás sé aníos i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh. Caitheann sé cuid mhaith ama in Éirinn fós.
Is colúnaí seachtainiúil é don pháipéar áitiúil Kilkenny People.
Dhear agus d’fhorbair sé an suíomh idirlín mickgb.com d’eagraíocht neamhbhrabúis.
Is athair Micheál é Peadar Bairéad. Rugadh é in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.
Múinteoir Ghaeilge, agus scríbhneoir prós agus filíochta ab ea Peadar.
Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta (Duilleoga Fómhair, Cleití na hAislinge, Fataí Rómhair agus An Fómhar Deireanach) leis, chomh maith lena dhírbheathaisnéis (Doirse Dé).
Bhí sciar maith dá chuid filíochta ar chúrsaí scoile agus léinn. Foilsíodh scríbhinní Pheadair i go leor irisí: Feasta, Comhar, An Sagart, An Timire, Anois, agus Scéala Éireann san áireamh. Colúnaí seachtainiúil ab ea é sa Kilkenny People freisin, ó 1979 – 2018. Tá 805 dá cholúin ar fáil ar mo shuíomh.
Chun scríbhinní Micheál agus Peadar a léamh, breathnaigh ar mickgb.com.
Ríomhphost: mickgb@gmail.com
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.