Tá vótálaithe tuaithe (rural) buartha faoi pholaitíocht i bhfad ar dheis (far right)

18/09/2024

Léiríonn an pobalbhreith (poll) is déanaí go bhfuil níos mó imní ar vótálaithe tuaithe faoi chostais mhaireachtála (cost of living) agus sláinte ná inimirce

De réir na pobalbhreithe is deireanaí, níor éirigh le lucht agóide i bhfad ar dheis tacaíocht a fháil ó vótálaithefaoin tuath (rural) in Éirinn.

Bhain na grúpaí i bhfad ar dheis úsáid as teannas inimirce chun cumhacht a fháil i dtíortha eile, ach níor oibrigh sé in Éirinn.

Léiríonn pobalbhreith Ipsos do na Irish Examiner go bhfuil beagnach dhá thrian de na daoine (63%) faoin tuath in Éirinn buartha faoi lucht agóide i bhfad ar dheis.

Agus ceapann níos lú ná leath na vótálaitheacu go bhfuil an inimirce ina fhachtóir cinniúnach maidir leis an mbealach a vótálfaidh siad san olltoghchán atá le teacht.

Vótálaithena tuaithe amháin a bhí sa pobalbhreith seo, agus léiríonn sé go bhfuil siad níos buartha faoi chúram sláinte, tithíocht, agus costas maireachtála ná mar atá siad faoin inimirce.

Go traidisiúnta breathnaíodh ar vótálaithe tuaithe mar dhaoine níos coimeádaí ná vótálaithe uirbeacha ach is cosúil go bhfuil sé sin ag athrú.

Tagann sé seo in a dhiaidh eachtraí foréigneacha ag grúpaí i bhfad ó dheis agus ionsaithe dóiteáin ar fhoirgnimh ó lucht agóide frith-inimirceach.

Tá lucht agóide ar líne, ó thar lear, ag dul i bhfeidhm ar roinnt pobail sna cathracha le bolscaireacht ó ghrúpaí i bhfad ó dheis.

Scaipeann siad scéalta bréige faoi choireanna a bheith á ndéanamh ag inimircigh.

Fuair ​​pobalbhreith an Irish Examiner/Ipsos amach gurb é an costas maireachtála an cheist is tábhachtaí do vótálaithea bhfuil cónaí orthu faoin tuath in Éirinn, le 68% ag rá go mbeidh ‘tionchar mór’ aige orthu nuair a vótálfaidh siad, agus 22% ag cur síos air mar ‘beagán tionchair’.

Beidh ‘tionchar mór’ ag an tseirbhís sláinte ar 64%, agus is é 58% é an figiúr do thithíocht.

In ainneoin go raibh inimirce sna ceannlínte agus go raibh sí chun tosaigh sa phlé polaitiúil le bliain anuas, deir níos lú ná leath de na vótálaithe (42%) go mbeidh ‘tionchar mhór’ ag baint leis agus iad ag vótáil.

Nuair a iarradh orthu na ceisteanna a rangú in ord tábhachta dá vóta sa chéad olltoghchán eile, ní dúirt ach 9% gurbh í inimirce an rud ba thábhachtaí.

Roghnaigh 34% an costas maireachtála, roghnaigh 19% tithíocht agus roghnaigh 17% an tseirbhís sláinte.

Mar sin féin, bhí an dearcadh i leith fhreagairt an Rialtais ar inimirce ríthábhachtach den chuid is mó, agus ní raibh ach 5% ag aontú go láidir go bhfuil jab maith déanta acu.

riots feat2

Easaontaíonn 47% de dhaoine ‘go láidir’ gur láimhseáil an rialtas inimirce go cuí, agus dúirt 18% go easaontaíonn siad beagán leis.

Tá tacaíocht níos mó ann do phóilíneacht an Gharda Síochána ar lucht agóide frith-imirceach, le 41% ag mothú go bhfuil sé seo déanta go maith acu agus 33% ag easaontú le sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram