Sean Combs faoi choimeád, le líomhaintí gnéis, foréigin agus fuadach (kidnap)

 Dúirt ionchúisitheoirí (prosecutors) go raibh Combs agus a chuid fostaithe i mbun fuadach, obair éigeantais (forced Labour), coirloscadh (arson) agus breabaireacht (bribery)

Diúltaíodh bannaí do Sean Combs tar éis dó pléadáil neamhchiontach i gcúiseamh gáinneála gnéis (sex trafficking) agus ‘racketeering’.

Cuireadh síos i bpáipéir na cúirte ar Combs, atá 54, mar cheannasaí ar ghnóthas coiriúil a bhagair agus a bhain mí-úsáid as mná.

Dúirt siad gur chuir an fiontar brú ar mhná a bheith rannpháirteach, i gcoinne a dtola, in ‘orgies’ le drugaí agus striapacha fireanna (male prostitutes).

Dúirt siad go raibh na mná faoi bhagairt le foréigean
Dúirt siad go raibh na mná faoi bhagairt le foréigean

Agus dúirt siad go raibh na mná faoi bhagairt le foréigean nó le cailliúint tacaíochta airgeadais dá ndiúltódh siad.

Tháinig an díotáil (indictment) 14 leathanach i gcoinne Combs, ar a dtugtar Diddy agus Puff Daddy freisin, lá tar éis é a ghabháil i seomra óstáin Manhattan.

Tá an t-imscrúdú ar siúl ó, ar a laghad, go luath i mbliana.

Dúirt ionchúisitheoirí (prosecutors) go raibh sé féin agus a chuid fostaithe i mbun fuadach, saothair éigeantais, coirloscadh agus breabaireacht, agus gur choinnigh siad airm réidh le húsáid.

D’iarr na hionchúisitheoirí ar an mbreitheamh gan bhannaí (bail) a dheonú do Combs mar, a dúirt siad, go bhfuil sé ‘contúirteach agus go bhfuil sé ina bhagairt leanúnach do shábháilteacht an phobail’.

Dúirt duine de na hionchúisitheoirí, Emily Johnson, go bhfuil stair de mhí-úsáid substaintí aige agus go bhfágfadh a shaibhreas go mbeadh sé éasca dó éalú gan aithne.

Tugtar Diddy agus Puff Daddy ar Sean Combs freisin
Tugtar Diddy agus Puff Daddy ar Sean Combs freisin

Mhol a chuid dlíodóirí bannaí le banna $50 milliún. Ach shéan an Breitheamh Robyn F. Tarnofsky a n-iarratas, ag lua ceisteanna feirge Combs agus stair mhí-úsáid substaintí, agus d’ordaigh sé é a choinneáil agus é ag fanacht ar a thriail.

Tá pianbhreith saoil sa phríosún ag baint leis an gcúiseamh ‘racketeering’, agus bheadh ​​pianbhreith éigeantach 15 bliana i gceist le ciontú gáinneála gnéis.

Bhí Combs ar cheann de na daoine is mó a raibh tionchar acu ar scaipeadh hip-hop mar fhórsa tráchtála domhanda, agus thógáil sé impireacht gnó a chuimsigh líne faisin Sean John agus comhpháirtíocht le Diageo, an chuideachta ar leis Guinness é.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram