Labhair Kevin Dundon faoina dhúlagar (depression) agus ag fáil réidh leis

17/09/2024

Nuair a bhí an brú rómhór ar Kevin Dundon d’úsáid sé bia chun compord a fháil agus thit sé chun feola (put on weight); ach thuig sé go gcaithfeadh sé a shláinte fhisiceach agus mheabhrach a shábháil, dó féin agus dá theaghlach.

Is pearsa teilifíse é an cócaire Kevin Dundon a raibh meangadh gáire ar a aghaidh don lucht féachana i gcónaí.

Mar sin féin, níos luaithe i mbliana, thit Dundon, atá ina athair de thriúr leanbh, i ndúlagar domhain (deep depression).

Thuig sé, de réir mar a chuaigh na míonna ar aghaidh, go raibh sé ag dul in olcas.

Kevin agus Catherine Dundon
Kevin agus Catherine Dundon

Ag an am ní fhéadfadh fiú a theaghlach nó a paisean don bhia é a tharraingt amach as a dhúlagar.

Tar éis tamaill bhí sé 18 cloch meacháin, agus chinn sé, ar mhaithe lena shláinte fhisiciúil agus mheabhrach féin, chomh maith le haghaidh a theaghlach, go gcaithfidh rud éigin a athrú.

Ag labhairt dó leis an Irish Independent, dúirt sé gur tharla sé seo nuair a bhí go leor daoine as obair le linn na paindéime Covid.

Dúirt sé go raibh air bealaí nua a aimsiú chun na billí a íoc, rud a d’fhág gur thosaigh sé ag múineadh ranganna ar líne.

Mar sin féin tar éis na paindéime, lean Dundon, atá 57 bliain d’aois, ag obair mar a bhí, ach bhí an iomarca le déanamh aige agus ar deireadh thiar bhí cliseadh néarógach (breakdown) aige.

Dúirt Dundon go raibh laethanta ann nuair nach raibh an fuinneamh aige aon oibre a dhéánamh.

‘Téim ag obair, ach thiocfadh liom ar ais abhaile ansin agus luífinn mé ar an tolg ar feadh an tráthnóna,’ a dúirt sé.

‘Bhí mo spreagadh imithe. An mothúchán a bhí agam ná nach raibh aon chiall le dul ar aghaidh leis.

‘Mhothaigh mé go raibh mé ag éalú ó gach rud,’ a dúirt Dundon.

Ós eol dó go raibh neart daoine timpeall air chun comhrá a dhéanamh leo, lena bhean chéile Catherine ina measc, thosaigh sé ag fáil réidh lena phian le bia.

dundon1

Le himeacht aimsire, áfach, thosaigh daoine timpeall Dondon ag tabhairt faoi deara athrú air.

Dúirt roinnt ball den phobal leis go raibh sé tar éis titim chun feola.

Thug sé faoi deara freisin nach raibh sé in ann luí isteach ar a chuid éadaí.

Ba leor sin do Dundon agus d’fhill sé ar ait in a raibh sé roimhe sin, Ayurvedic Health Resort san India.

Is áit é a chabhraigh leis éirí as caitheamh tobac cúpla bliain ó shin.

Bhí an chóireáil a fuair siad foirfe don chócaire agus chabhraigh sé leis maidir lena shláinte mheabhrach agus fhisiceach.

dundon2

Dúirt sé leis an Irish Independent: ‘Braithim chomh sásta ionam féin agus chomh cruthaitheach faoin obair arís.

‘Níl mé ag dul a chodladh i rith an lae agus ba mhaith liom a bheith amuigh faoin aer nó ag snámh sa ‘Forty Foot’.

‘Ceapann mo theaghlach go bhfuil sé go hiontach agus tá mo pháistí an-bhródúil asam,’ a dúirt Dundon.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram