Géarchéim na bpinsean: Beidh muid ag obair go dtí 75 bliain d’aois

28/08/2024

Tá rabhadh tugtha go hAirí rialtais, ó shaineolaithe sa Roinn Airgeadais, nach féidir linn íoc as costas na bpinsean amach anseo mar go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide

Seans go mbeidh ar oibrithe Éireannacha dul ag obair go dtí lár a 70idí sula bhfaighidh siad a bpinsean, de réir doiciméid Rialtais atá á nochtadh inniu.

Mairimid níos faide agus mar sin beidh orainn oibriú níos faide freisin, de réir rabhadh atá tugtha ag saineolaithe na bpinsean atá ag obair sa Roinn Airgeadais.

Tá brú ann chun go mbeidh an aois nuair a fhaigheann muid ár bpinsean i bhfad níos déanaí ná 66, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.

Tugadh rabhadh do Michael McGrath faoi ghéarchéim na bpinsean
Tugadh rabhadh do Michael McGrath faoi ghéarchéim na bpinsean

Tá eacnamaithe ag tabhairt foláirimh, freisin, gur cheart do dhaoine atá fós ag iarraidh dul ar scor agus iad ina 60í luatha, pinsean níos lú a fháil.

Agus go mbeadh ar dhaoine eile dul ag obair go dtí lár a 70idí.

Léiríonn an tuarascáil mar a thug oifigigh sa Roinn Airgeadais foláireamh d’airí gur cheart aois an phinsin a cheangal le hionchas saoil (life expectancy).

Is é an argóint ná, toisc go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide, beidh orthu a bheith ag obair níos déanaí sa saol chun íoc as a scor.

Tugadh an rabhadh don iar-Aire Airgeadais Michael McGrath díreach sular fhág sé an Rialtas le bheith ina Choimisinéir Eorpach.

Tugadh an rabhadh dó an 21 Meitheamh, díreach cúig lá sular ceapadh Jack Chambers mar Aire Airgeadais.

Dúirt oifigigh nach leor cistí nua a bunaíodh anuraidh chun déileáil leis an gcostas ar ár ndaonra atá ag dul in aois.

Socraítear aois an phinsin faoi láthair ag 66, agus tá an rogha ann dul ar scor ag 70 mar mhalairt ar íocaíochtaí níos airde.

Mar sin féin, leanann an t-ionchas saoil (life expectancy) ag fás. Tá sé beagán os cionn 80 bliain ar an meán anois d’fhir, agus 84 bliain do mhná.

Tá sé tuartha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go mbeidh sé méadaithe go 85.6 d’fhir agus 88.3 do mhná  i 27 bliain, faoin mbliain 2051.

Aire Airgeadais Jack Chambers
Aire Airgeadais Jack Chambers

Agus moladh, i dtuarascáil de chuid Choiste an Oireachtais um Chosaint Shóisialta, go n-ardófaí aois an phinsin go 75.

Dúirt an t-eacnamaí Austin Hughes nár cheart go mbeadh aon aois na bpinsean ar leith ann.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh daoine i slite beatha níos fisiciúla in ann a bpinsin a éileamh go luath ina  60idí ach le híocaíochtaí níos ísle.

Dúirt sé go bhféadfadh daoine a bhfuil ionchas saoil níos faide acu a bpinsean a chur siar go dtí go mbeidh siad sna 70idí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram