

Tá cuideachtaí ardteicneolaíochta i Meiriceá ag casadh ar chuideachtaí Éireannacha as a gcuid saineolais.
Mar gheall air sin tá siad ag déanamh dul i bhfeidhm go mór sna Stáit Aontaithe, de réir tuairisce sa Guardian.
Mar shampla, d’fhéadfadh costas níos mó ná $23 trilliún a ghearradh ar an ngeilleagar domhanda faoi 2027 mar gheall ar cibearchoireacht (Cybercrime).

Is é meánchostas sárú sonraí (dáta breach) do chuideachta i Meiriceá ná $9 milliún. Agus don rialtas feidearálach ní faoin airgead amháin atá an cheist, ar ndóigh.
Mar sin féin, i 2022 nuair a d’iompaigh na daoine a reáchtálann Oak Ridge National Laboratory chuig Tines, cuideachta Éireannach a bhí ceithre bliana d’aois ag an am, chun cabhrú le cibear-ionsaitheoirí a choinneáil amach, ba imeacht nua é sin.
Is píosa ríthábhachtach de bhonneagar taighde agus forbartha rialtas Mheiriceá é Oak Ridge.
‘Tá an ríomhaire is cumhachtaí ar domhan á oibriú acu, agus tá Tines á úsáid acu chun a mbonneagar slándála a neartú,’ a dúirt Eoin Hinchy, príomhoifigeach feidhmiúcháin Tines.
‘Ar feadh i bhfad, chreid muid go raibh cuideachtaí teicneolaíochta Mheiriceá-bhunaithe níos fearr ná an chuid eile.
‘Ní go dtí gur thosaigh mé ag obair le cuideachtaí atá bunaithe i Meiriceá a thuig mé go raibh siad díreach cosúil linne.’
Ar feadh na mblianta, bhí baint níos fearr ag Éirinn agus gnólachtaí Éireannacha i Meiriceá leis an talmhaíocht agus leis an tuath in Éirinn.
Agus ar feadh na mblianta, bhí táirgí Éireannacha i Meiriceá comhdhéanta den chuid is mó de bhainne, im agus deochanna.
Tá Tines agus cuideachtaí eile ag taispeáint anois nach bhfuil an scéal amhlaidh, de réír an Guardian.
Le daonra de díreach 5 mhilliún duine, tá Éire ardaithe go dtí an séú háit ar fud an domhain maidir le hinfheistíocht eachtrach i Meiriceá.
Cuireann sé sin muid os cionn geilleagair mar an Iodáil, an Chóiré Theas agus Meicsiceo – náisiúin a bhfuil daonraí i bhfad níos mó acu.
Ar mhisean trádála le déanaí go Bostún agus Cathair Nua-Eabhrac, d’fhógair cuideachtaí Éireannacha a oibríonn i réimsí chomh héagsúil le cógaisíocht agus bainistíocht gnó oifigí nua i Meiriceá.

Inniu, tá breis agus 900 cuideachta faoi úinéireacht Éireannach ag onnmhairiú (exporting) go dtí na Stáit Aontaithe.
‘Tá ardú beagnach 60% tagtha ar onnmhairí go dtí na Stáit Aontaithe le cúig bliana anuas,’ a dúirt Leo Clancy, Príomhfheidhmeannach Enterprise Ireland.
Tá go leor cuideachtaí Éireannacha ag deimhniú feistí leighis i Meiriceá anois sula ndéanann siad amhlaidh san Aontas Eorpach, a dúirt Clancy.
‘Ba réimeas níos deacra a bhí sa FDA le haghaidh deimhniúcháin, ach tá réimeas níos cairdiúla ag cuideachtaí le feiceáil sna Stáit Aontaithe anois,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.