An dtiocfaidh deireadh le ré na n-eitiltí ar chostas íseal roimh an Nollaig?

27/08/2024

Tá Ryanair agus Aer Lingus ag rá go mbeidh ardú mór ar chostas na n-eitiltí roimh an Nollaig

D’fhéadfadh ardú mór a bheith ann ar chostas eitiltí go dtí an Bhreatain, dar le Aer Lingus agus Ryanair.

Tá an dá aerlíne ag cur an mhilleáin ar an srian (cap) ar phaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus ar an stailc phíolótach as na harduithe praghais.

Thug ceannasaí Ryanair, Michael O’Leary, foláireamh le déanaí go bhféadfadh costas chomh mór le €500 an ceann a bheith ar eitiltí go Londain an Nollaig seo.

Tá sé fógartha ag Aer Lingus go laghdóidh sé a sheirbhís ó Bhaile Átha Cliath go Heathrow i Londain faoi dhá eitilt in aghaidh an lae
Tá sé fógartha ag Aer Lingus go laghdóidh sé a sheirbhís ó Bhaile Átha Cliath go Heathrow i Londain faoi dhá eitilt in aghaidh an lae

Dúirt sé gurb é an srian go 32 milliún paisinéir ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ba chúis leis seo.

Agus anois tá sé fógartha ag Aer Lingus go laghdóidh sé a sheirbhís ó Bhaile Átha Cliath go Heathrow i Londain faoi dhá eitilt in aghaidh an lae an geimhreadh seo.

Dúirt siad go bhfuil sé seo tar éis an ardaithe pá 17.75% a d’aontaigh an aerlíne le píolótaí –  agus teip filleadh ar an ngnó a bhí acu roimh an phaindéim.

Dúirt siad go bhfuil an srian 32 milliún paisinéir i mBaile Átha Cliath ina fhachtóir freisin ina chinneadh.

Thug an Bord Pleanála isteach an srian mar gheall ar imní faoi thrácht nuair a cheadaigh sé an dara críochfort (terminal) don aerfort i 2007.

‘Tá Aer Lingus ag leanúint le measúnú a dhéanamh ar impleachtaí an damáiste airgeadais a rinne an díospóid thionsclaíoch phíolótach, agus an srian do phaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath,’ a dúirt an aerlíne.

‘Áirítear leis seo athbhreithniú ar na codanna is laige de ghréasán na n-aerlínte agus a bhonn costais.

‘Tá Aer Lingus ag laghdú a oibríocht idir Heathrow agus Baile Átha Cliath ó gheimhreadh 2024 ar aghaidh, faoi thart ar dhá imeacht in aghaidh an lae.

‘Glacadh an cinneadh seo toisc nár tháinig feabhas ar fheidhmíocht na seirbhísí seo i ndiaidh Covid.’

Mhéadaigh brabúis oibriúcháin ag Aer Lingus faoi níos mó ná 400% anuraidh go €225 milliún, le hioncam de €2.27 billiún.

Bhí brabúis €279 milliún ag an aerlíne i 2019, áfach, roimh Phaindéim Covid.

Tá ceannaire Ryanair O'Leary ag cur an milleán freisin ar iar-cheannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Iompair Eamon Ryan as an bhfadhb
Tá ceannaire Ryanair O’Leary ag cur an milleán freisin ar iar-cheannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Iompair Eamon Ryan as an bhfadhb

Thacaigh Cumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann (Irish Airline Pilots’ Association, IALPA) leis na haerlínte agus iad ag iarraidh fáil réidh leis na srianta ar phaisinéirí i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an ceardchumann: ‘Tá imní ar IALPA go dtosóidh aerlínte na hÉireann ag laghdú seirbhísí de bharr an tsriain ar phaisinéirí.

‘Tá an srian ar phaisinéirí as dáta, cuireann sé srian ar fhás agus ar phoist agus ní mór athbhreithniú práinneach a dhéanamh air roimh aon tionchar diúltach eile ar sheirbhísí aerfoirt.’

Tá iarratas déanta ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Dublin Airport Authority, DAA) ar phleanálaithe le haghaidh ‘réimse leathan feabhsuithe’ atá dírithe ar an líon srianta a mhéadú, ach d’fhéadfadh go dtógfadh sé blianta sula gceadófar na smaointe sin.

Tá ceannaire Ryanair O’Leary ag cur an milleán freisin ar iar-cheannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Iompair Eamon Ryan as an bhfadhb.

Dúirt sé: ‘Arís eile, níor ghníomhaigh Aire um Iompar Glas na hÉireann.’

Dúirt sé freisin: ‘Is amhlaidh is fearr a chuirtear an tAire Glas seo as oifig ar theip air.’

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Iompair nach raibh ról ar bith aige le deireadh a chur leis an srian paisinéara, rud a bhain leis an DAA.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram