Anailís: Tá saoránach Éireannach saor – ach cad a insíonn an margadh seo dúinn faoi Mheiriceá agus an Rúis?

02/08/2024

Fuair ​​an Rúis an marfach Vadim Krasikov ar ais. Bhí sé i bpríosún sa Ghearmáin mar gheall ar marú ceannaire reibiliúnach Seisniach (Chechen  rebel leader) i mBeirlín

Is bua í an bhabhtáil phríosúin (prison swap) idir Meiriceá agus an Rúis – agus tíortha eile páirteach ann – do Joe Biden, agus do Vlaimir Putin freisin.

Ar rud amháin, ag am atá na hIosraelaigh ag marú naimhde i dtíortha iasachta, le tacaíocht Mheiriceá, glacann an comhaontú seo le ceart na Rúise an rud céanna a dhéanamh.

Níl meas ag ceachtar taobh ar chearta tíortha eile, de réir dealraimh.

Joe Biden
Joe Biden

Chuir Uachtarán Mheiriceá Joe Biden agus Kamala Harris, an leas-uachtarán, fáilte roimh na Meiriceánaigh a scaoileadh saor ó choimeád na Rúise.

Ina measc bhí tuairisceoir an Wall Street Journal Evan Gershkovich.

Tháinig siad i dtír ag Joint Base Andrews i Maryland oíche Déardaoin.

‘Tá a gcruachás brúidiúil thart, agus tá siad saor,’ a dúirt Biden níos luaithe sa lá.

Bua taidhleoireachta (diplomatic) do Biden a bhí sa chomhaontú seo.

Tháinig sé le chéile tar éis caibidlíochtaí ilchasta a raibh baint acu le seacht dtír.

Gheall Biden le fada go dtabharfaidh sé Meiriceánaigh i bpríosún abhaile.

Scaoil an Rúis 16 dhuine saor san iomlán, agus mar mhalairt air sin scaoil an tIarthar ochtar saor.

Ba iad na Meiriceánaigh a scaoileadh saor Gershkovich, 32; Alsu Kurmasheva, 47, eagarthóir Meiriceánach na Rúise do Radio Free Europe/Radio Liberty, a gabhadh freisin anuraidh; agus an saoránach Éireannach Paul Whelan, a gabhadh in 2018.

I ráiteas, ghabh teaghlach Gershkovich buíochas le Biden agus le hoifigigh eile as cuidiú lena scaoileadh saor tar éis 16 mhí i bpríosún sa Rúis.

Vladimir Putin
Vladimir Putin

Tar éis dó éirí den eitleán agus labhairt le Biden agus Harris, chuaigh Gershkovich lena teaghlach.

Ba é bunchloch an chomhaontaithe don Rúis scaoileadh an fheallmharfóra (assassin) Vadim Krasikov as príosún Gearmánach, rud a bhí á lorg ag an Uachtarán Vladimir Putin le fada an lá.

Rinne ​​​​an Rúis dlí i 2006 a cheadaigh go foirmiúil marú thar lear.

I súile an Kremlin, bhí feallmharú Krasikov i mBeirlín ar cheannaire Seisniach (Chechen leader) dlisteanach.

Mar sin is bua a bhí sa mhargadh do Putin, ar féidir leis é a úsáid chun aird a tharraingt ar a dhílseacht do ghníomhairí Rúiseacha a ghabhtar thar lear.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram