Is féidir le Tubridy teacht ar ais chuig RTÉ a deir Bakhurst

28/07/2024

Labhraíonn Ardstiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst faoi athruithe don chlár Late Late agus faoin gcúnamh €1.2 billiún ón Rialtas

Tá sé curtha in iúl ag Ardstiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, go bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí príobháideacha The Late Late Show agus Fair City a léiriú.

Agus in agallamh leis an Irish Mail on Sunday dúirt sé freisin go bhfuil siad ag cur tús le cainteanna faoin gcuid is mó de shuíomh Montrose a dhíol le haghaidh tithíochta.

Dúirt an tUasal Bakhurst go mbeidh an chuid is mó de 23.5 acra talún i gceantar saibhir Dhomhnach Broc (Donnybrook)  i mBaile Átha Cliath ar díol.

Kevin Bakhurst
Kevin Bakhurst

Tá RTÉ i mbun cainteanna leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún (Land Development Agency, LDA).

Dúirt an tUasal Bakhurst: ‘Labhaireamar leis an LDA, bhí comhrá an-tosaithe againn…. Beidh ceann eile againn in am trátha, go luath amach anseo.’

Bhí an tUasal Bakhurst ag labhairt i ndiaidh fhógra an Rialtais go dtabharfaidh sé fóirithint (bailout) ar fiú trí cheathrú billiún euro é do RTÉ.

Dhearbhaigh sé gur fóirithint chúig bliana a bheidh ann, i ndáiríre, a bheidh níos gaire do €1.2 billiún.

D’admhaigh sé freisin gurbh fhéidir go mbeadh Ryan Tubridy ar ais ag obair le RTÉ.

Ag plé leis an gclár iomarcaíochta (redundacy programme) do 400 oibrí an stáisiún a fhágáil, dúirt sé go seachfhoinsiú (outsource) seónna ar nós Fair City agus The Late Late Show.

Dúirt an tUasal Bakhurst: ‘Thar na tréimhse cúig bliana seo, táimid chun stop a chur le roinnt rudaí a dhéanamh agus táimid chun roinnt ábhair a dhéanamh lasmuigh den eagraíocht.

‘Tá an eagraíocht féin ag dul a athrú agus a bheith níos lú agus mar sin beimid in ann, thar an tréimhse sin, ligean do dhaoine imeacht agus muid ag cur roinnt clár amach don earnáil neamhspleách.’

Nuair a fiafraíodh de an raibh sé ag díriú ar dhaoine atá ag tuilleamh os cionn €100,000, dúirt sé: ‘Ní déarfainn “ag díriú”, ach ba mhaith liom go n-imeoidh daoine ar gach leibhéal.

‘Ní féidir leat ligean do dhaoine ar thuarastail íseal amháin dul as, le sin bheifeá in eagraíocht bainisteoirí gan aon duine le bainistiú.’

Maidir leis an bplean iomarcaíochta, dúirt sé: ‘Nuair a deirim rudaí is éard sin atá i gceist agam, mar sin beidh sé deonach (voluntary). Seans go mbeidh orainn rudaí a bhogadh timpeall.’

Nuair a fiafraíodh de an bhfuil bealach ar ais do Ryan Tubridy, atá ag craoladh ón mBreatain faoi láthair, dúirt an tUasal Bakhurst: ‘Never say never.

‘Ach mar a dúirt mé cheana, bhí dhá thaobh sa chomhaontú mealltach seo agus ba cheart do RTÉ an chuid is mó den mhilleán a ghlacadh agus an-chuid freagrachta a ghlacadh agus praghas íoctha aige.

‘Ach ní mór do gach duine eile atá bainteach leis aghaidh a thabhairt ar an bhfíric go raibh ról acu ann.

‘Dúirt mé é sin i gcónaí. Is maith liom Ryan go pearsanta. Níl mé cinnte go bhfuil an-dúil aige ormsa anois, ach is craoltóir cumasach é, agus bíodh a fhios agat, athraíonn rudaí.

‘Is cinnte nach ndúnfainn an doras air, ach bíodh a fhios agat, thógfadh sé roinnt rudaí amach dó teacht ar ais anseo.’

Ryan Tubridy
Ryan Tubridy

Dúirt sé freisin go ndearna Dee Forbes go leor ‘botúin’.

Ach dúirt sé: ‘Mar gheall ar na botúin go léir a d’fhéadfadh a bheith déanta ag Dee Forbes, níor bhain sí leas pearsanta as.’

Tá fóirithint ráthaithe de thart ar €725 milliún tugtha ag an Rialtas anois do RTÉ.

Dúirt an tUasal Bakhurst, áfach, go raibh cainteanna aige leis an Rialtas a d’fhágfadh go mbeadh sé soiléir go bhfaighidh RTÉ maoiniú de thart ar €260 milliún in aghaidh na bliana freisin ón Stát don dá bhliain deiridh den phlean cúig bliana, atá glactha ag an Rialtas.

Thabharfadh sé sin iomlán na fóirithinte go €1.245 billiún ar a laghad thar cúig bliana.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram