No fussy frills, Conor! Diúltaíonn an Chomhairle do phlean tí McGregor

15/07/2024

Tá Conor McGregor ag iarraidh teach mór a thógáil le giomnáisiam, dhá linn snámha agus pictiúrlann i gCill Dara, ach níl an chomhairle sásta lena chuid pleananna

Tá plean Conor McGregor chun a theach a leagadh agus teach cúig huaire níos mó a chur ina áit tar éis buille mór a fháil ón gcomhairle áitiúil.

Rinne McGregor iarratas i mí na Bealtaine chun an réadmhaoin 600 méadar cearnach, i Straffan, Co. Chill Dara,  a leagadh. Cheannaigh sé é ó mhac Albert Reynolds, Albert Jnr, i 2019.

Conor McGregor
Conor McGregor

Lorg sé cead chun teach mór sé-leaba a bheadh níos mó ná 3,000 méadar cearnach a chur ina áit, le híoslach (basement) ina mbeadh pictiúrlann, giomnáisiam agus linn snámha laistigh agus sauna, agus an dara linn snámha lasmuigh.

Scríobh pleanálaithe Chomhairle Contae Chill Dara chuig McGregor, áfach, ag iarraidh tuilleadh eolais, ag rá nár chomhlíon an teach aisling a phlean forbartha don cheantar.

Dúradh sa litir nach raibh an plean ag teacht le Plean Forbartha Contae Chill Dara.

Bhí fadhbanna le dearadh agus scála (design and scale) na teaghaise athsholáthair a bheartaítear maidir leis an bhforbairt tuaithe mórthimpeall.

An teach faoi láthair
An teach faoi láthair

Dúirt siad go gcaithfidh McGregor aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin anois, agus plean athbhreithnithe a chur isteach.

Dúirt siad freisin go gcaithfidh an togra nua an treoir maidir le dearadh tithe tuaithe a chur san áireamh, a deir go gcaithfidh iarratasóirí foirgnimh a dhearadh atá simplí, ‘srianta agus nach bhfuil aon bhreiseáin nó “fussy frills” iontu’.

Ba cheart go n-aithneodh tithe, chomh maith, nádúr tuaithe a gcuid láithreán, agus nach mbeadh seomraí móra a úsáidtear go hannamh ann, a dúirt siad.

Chuir an bunphlean a chomhdaigh McGregor i lár mhí na Bealtaine síos ar a theach nua mar áit chónaithe scoite sé sheomra, le pictiúrlann agus linn snámha laistigh.

Bheadh ​​balcóiní, fuinneoga bá agus soilse dín ann.

San íoslach bheadh ​​carrchlós, limistéar cluichí, beár agus  tuilleadh seomraí.

Bheadh ​​an linn snámha lasmuigh taobh thiar den teach nua.

I ráiteas a chuaigh leis an iarratas pleanála, tharraing an t-ailtire (architect), Jason Tyler ó Tyler Owens Architects, aird ar thithe móra eile i gceantar K-Club.

Chuid den phlean don teach nua
Chuid den phlean don teach nua

Dúirt siad: ‘Creidimid go bhfuil ár dtogra oiriúnach do mhéid an láithreáin agus do charachtar áitiúil na bhfoirgneamh seo.

 Ní hé seo an chéad uair a dhiúltaigh oifigigh phleanála pleananna McGregor.

Níos luaithe i mbliana, dhiúltaigh an Bord Pleanála cead pleanála 113 árasán agus beár a thógáil ar shuíomh sean tábhairne Marble Arch i nDroimneach (Drimnagh), Baile Átha Cliath.

Dhiúltaigh comhairle contae Fhine Gall freisin dá iarracht óstán a thógáil i mBinn Éadair (Howth), Co Bhaile Átha Cliath.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram