

Go hoifigiúil, is ‘fierce women of Irish culture’ í Inni-K, dar le RTÉ, a chruthaíonn a leithéid de liostaí. Nó le bheith níos cruinne faoi, chuir RTÉ liosta le chéile de chuid de na mná nuálacha is spreagúla inár gcultúr, ar a dtugtar ‘10 Fierce Women defining Irish culture’, agus bhí Inni-k air.
Chomh maith le sin, ligeann sí dá ceol í a thabhairt i dtreonna éagsúla, lena n-áirítear ar ais abhaile.

Tá dea-scéal ann do lucht leanúna na stíleanna éagsúla ceoil atá glactha agus léirithe ag Inni-K go dtí seo.
Thóg an t-amhránaí am saor chun roinnt amhrán nua a scríobh, agus táimid ag súil go mbeidh siad le cloisteáil go luath.
Tá Inni-K ag súil go mór leis na hamhráin nua a chur ar an mbóthar, agus glacaim leis go gcloisfimid cuid acu ina seónna i rith na seachtaine seo agus an chéad chúpla seachtain amach anseo, i gCiarraí, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.
Beidh Inni-K ag casadh cuid de na hamhráin iontacha atá cloiste againn uaithi cheana féin; amhráin sean nós ón albam Iníon, agus fuaimeanna bríomhara, nua-aimseartha agus traidisiúnta ó The King Has Two Horse’s Ears agus The Hare & the Line.
Mar is gnáth, táim cinnte gur féidir linn a bheith ag súil le roinnt amhránaíochta agus ceoil álainn, measctha le ‘mischief’ agus craic ó Inni-K.
Tá Inni-K ag dul ó dheas go Ciarraí agus iarthar Chorcaí an tseachtain seo agus seo chugainn.
Agus ag deireadh na seachtaine seo chugainn beidh sí ar ais i mBaile Átha Cliath le haghaidh gig iontach sa Cobblestone le haíonna Matthew Jacobson ib drums + synths agus Lucia agus Maria, duo virtuose violin.
Beidh sí i mbun gig eile sa Cobblestone ag deireadh mhí Lúnasa in éineacht le haíonna Liam Ó Maonlaí agus Mary Barnecitt.
Tá Inni-K lonnaithe i mBaile Átha Cliath, seinneann sí go leor uirlisí ceoil agus is gnách go mbíonn go leor dá ceol, cibé acu nua-aimseartha nó sean nós, rianta dá cúlra ceoil thraidisiúnta Ghaelaigh.

Dé hAoine 19 Iúil Cúl Street, Ard Fhearta, Co. Chiarraí
Dé Céadaoin 24.Iúil Arundel’s, Sheep’s Head, Iarthar Chorcaí
Dé hAoine 26 Iúil Cobblestone, Baile Átha Cliath le haíonna Matthew Jacobson ib drums + synths agus Lucia agus Maria, duo virtuose violin
Dé Sathairn 24 Lúnasa Ceann Chléire, Co. Chorcaí
Dé hAoine 30 Lúnasa Cobblestone, Baile Átha Cliath in éineacht le haíonna Liam Ó Maonlaí Mary Barnecitt
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.