

Tagann an samhradh le go leor taistil, agus go leor scéalta faoi frustrachas taistil … agus an uair seo bhí na fadhbanna ag Ronan Keating.
Bhí Ronan, atá 47 bliain d’aois, le filleadh ar Bhaile Átha Cliath as Londain Dé Luain.
Bhí an réalta Boyzone le bheith ag seinnt ag gig Russell Crowe.

Shroich sé an t-aerfort in am ach ansin fuair sé amach go raibh a eitilt curtha ar ceal mar gheall ar ‘fhadhb theicniúil’.
Dúirt Ronan lena lucht leanúna ar na meáin shóisialta: ‘Bhí mé ceaptha a bheith i mBaile Átha Cliath chun dul i dteannta le mo chara maith Russell Crowe ar an stáitse, ag seinnt in Amharclann an Gaiety, ach tá m’eitilt curtha ar ceal.
‘[Bhí] fadhb theicniúil leis an eitleán – tarlaíonn sé! Tá mé millte, ach caithfidh tú smaoineamh go bhfuil rudaí eile ar siúl anseo, mar sin tóg ar an smig é,’ a dúirt Ronan.
In ainneoin nach raibh sé in ann a bheith i mBaile Átha Cliath, d’inis Ronan go raibh sé diongbháilte teacht go Dún na nGall Dé Máirt le haghaidh eispéireas cuairteoirí Muff Liquor a sheoladh – rud a bhfuil spéis phearsanta aige ann.
Is infheisteoir é Ronan sa bhranda atá lonnaithe i nDún na nGall in éineacht le Russell, Ed Sheeran, agus an fear grinn Jimmy Carr.
‘Táimid go léir ceaptha a bheith thuas i nDún na nGall, i Muff Dé Máirt, agus beidh muid ann,’ a dúirt Ronan.
‘Rachaidh mé ann, ar bhealach éigin rachaidh mé go Muff chun taithí ár gcuairteoirí a sheoladh, ach faraor [ní bheidh mé] i mBaile Átha Cliath anocht.
‘Ar ais abhaile dom. Ar a laghad, rachaidh mé isteach i mo leaba féin agus pógfaidh mé mo leanaí oíche mhaith, beidh mé beo le troid lá eile agus le deoch a fháil,’ a dúirt sé faoina leanaí Cooper agus Coco.
Cúpla seachtain ó shin, d’ullmhaigh siad le Muff Liquor a sheoladh isteach i margadh Mheiriceá.
Tá comhaontú sínithe ag an gcuideachta le dáileoir (distributor) ollmhór sna Stáit Aontaithe, Lucas Bols.
Arna bhunú ag an bhfiontraí (entrepreneur) Laura Bonner i 2017, tá an iliomad réalta a d’infheistigh ann a chabhraigh léi a branda a fhorbairt.

Thosaigh sí le vodca agus gin bunaithe ar phrátaí – agus anois tá fuisce (whiskey) Éireannach móna speisialta aici freisin.
Cuirfear tús le Muff Liquor a dhíol ar fud na Stáit Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn.
Creidtear gur infheistigh cuideachta a bhunaigh na hinfheisteoirí cáiliúla chomh maith leis an ngníomhaire iomráiteach Noel Kelly €750,000 i Muff Liquor anuraidh, arb ionann é agus 30% sa ghnó.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.