‘Your fired!’ Biden faoi bhrú ach cé hiad siúd atá réidh lena áit a ghlacadh?

02/07/2024

Tá lucht tacaíochta Trump ag magadh faoi Joe Biden agus tá lucht tacaíochta na nDaonlathaithe ag rá go gcaithfidh sé éirí as anois

Is faoi Joe Biden atá an chuid is mó den chaint faoi na toghcháin uachtaránachta i Meiriceá anois – agus an cheist?: Cé ba cheart dul ina áit chun seasamh in aghaidh Donald Trump.

Ceapfá go mbeadh an díospóireacht faoi chinneadh na Cúirte Uachtaraí, a chiallaíonn nach dócha go mbeidh ionchúiseamh (prosecution) in aghaidh Trump, mar gheall ar ionsaithe a lucht tacaíochta i Washington.

Ach níl.

B’fhéidir gur ábhar imní é an cinneadh ar son Trump, mar cheap sé féin go leor de na breithiúna sa chúirt choimeádach sin.

Kamala Harris
Kamala Harris

Ach tá an chuid is mó de na Meiriceánaigh níos buartha faoina nUachtarán: an bhfuil sé in ann  a chuid oibre a dhéanamh – agus leanúint ar aghaidh á dhéanamh má atoghadh é?

Tá póstaeir á dtaispeáint ag lucht tacaíochta Trump ag rá: ‘Joe Biden, You’re fired’. Ba abairt é sin a bhí ag Trump, nuair a bhí sé mar láithreoir ar an tsraith teilifíse The Apprentice in America.

Tá daoine fós ag magadh faoi Biden tar éis na díospóireachta, ach ba é cinneadh bord eagarthóireachta an New York Times a mbeidh an tionchar is mó air.

Bhí an breithiúnas tubaisteach. Dúirt an bord: ‘Is é an tseirbhís phoiblí is mó is féidir leis an Uasal Biden a dhéanamh anois ná a fhógairt nach leanfaidh sé ar aghaidh ag seasamh don atoghadh.

‘Mar atá sé, tá an tUachtarán i mbun cearrbhachas meargánta (reckless gamble).

‘Tá ceannairí Daonlathacha níos fearr ann chun roghanna soiléire, láidre agus fuinniúla a chur i láthair seachas an dara uachtaránacht Trump.

‘Is geall rómhór é a bheith ag súil go ndéanfaidh Meiriceánaigh dearmad ar aois agus intinn an Uasail Biden, a fheiceann siad lena súile féin,’ a dúirt siad.

Tháinig sé seo ó nuachtán a thacaigh le Biden. Chomh maith leis sin, dúirt an colúnaí is fearr leis an Uachtarán, Tom Friedman, a scríobhann don New York Times, go raibh sé ag gol nuair a chonaic sé an díospóireacht le Trump.

D’iarr cláir nuachta MSNBC agus an Atlantic, dhá lucht tacaíochta eile de chuid Biden, air éirí as.

Ach cé atá ann chun a áit a ghlacadh?

Bhí daoine ag caint faoi Leas-Uachtarán Kamala Harris agus Gavin Newsom, gobharnóir California.

Tá an bheirt acu ainmnithe anois mar chomharbaí féideartha ar Biden, ach tá leochaileachtaí (vulnerabilities) ag an mbeirt acu.

Joe Biden
Joe Biden

Bheadh ​​Harris ar an gcéad iarrthóir mná gorm ach níl ag éirí go maith léi sna pobalbhreitheanna; agus cáineadh téarma Newsom mar ghobharnóir California mar gheall ar chánacha arda, easpa dídine agus costais tithíochta ardaithe.

I measc na n-iarrthóirí dóchúla eile tá Gretchen Whitmer, gobharnóir Michigan, agus gobharnóir Pennsylvania, Josh Shapiro, an dá cheannaire ar phríomhstáit a gcaithfidh na Daonlathaigh an bua a fháil iontu chun an Teach Bán a choinneáil.

Féidearthacht eile is é gobharnóir Illinois, JB Pritzker, ​​billiúnaí óstán Hyatt. Tá aird tarraingthe aige as a chuid ionsaithe géara ar Trump.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram