Éist le stair Stonwall anseo: Tá Bród (Pride) faoi bhrú – ach tá úinéirí an Stonewall Inn ag seasamh an fód

29/06/2024

In Éirinn agus i Meiriceá tá coimeádaigh ag iarraidh na cearta a thug Bród (Pride) isteach a scrios ach tá bealaí síochánta ann chun cur ina gcoinne

Is áit níos fearr í Éire do chách mar gheall ar Bród (Pride), ach tá feicthe againn le cúpla lá anuas go bhfuil baill den phobal LGBTQ+ fós ag fulaingt ó bhagairtí (threats) agus maslaí (insults) anseo.

Agus is cosúil nach nach in Éirinn amháin atá Bród (Pride) faoi bhrú.

Tá rabhadh tugtha ag úinéirí an Stonewall Inn i Nua-Eabhrac faoin mbagairt atá ag ardú don phobal LGBTQ+ agus an Bród (Pride) ar fud an domhain – ss  agus tá rud éigin á dhéanamh acu faoi sin.

Creideann siad go mbeidh comhionannas pósta faoi bhagairt freisin.

‘Tá muid á ionsaí agus ag bogadh ar gcúl ar leibhéal domhanda,’ a dúirt Stacy Lentz, comh-úinéir Stonewall Inn i Nua-Eabhrac.

Stonewall Raid 1024x647 1
Tháinig (Bród Pride) tar éis na ‘Stonewall Riots’

‘Caithfidh muid gealltanas a thabhairt arís mar phobal domhanda LGBTQ+ nó táimid chun filleadh ar an Aois Dorcha.’

Níos mó na caoga bliana ar aghaidh ó na Stonewall Riots agus tús Bród (Pride), a fheictear go forleathan mar an chéad éirí amach LGBTQ in aghaidh cóireáil brúidiúil, hómafóbach póilíneachta, tá úinéirí reatha an bheáir Stacy Lentz agus Kurt Kelly i mbun troid chomhaimseartha i gcoinne na homafóibe.

Deir siad go bhfuil cearta LGBTQ+ agus Bród (Pride) faoi bhrú sa domhan thiar.

Ritheadh cás ag an gCúirt Uachtarach sna Stáit Aontaithe an samhradh seo caite a thug deis do dhearthóir gréasáin (web designer) idirdhealú (discriminate) a dhéanamh ar dhaoine LGBTQ+.

Breathnaíodh air seo mar bhuille stairiúil.

Creidtear gurbh é seo an chéad bheart ag grúpaí coimeádacha úsáid a bhaint as an gCúirt Uachtarach coimeádach i Meiriceá chun go leor de dhlíthe liobrálacha na tíre a chur ar ceal.

Ag an am céanna, taispeánann staitisticí, go ginearálta, go bhfuil luach níos mó ag glúnta níos óige ar chomhionannas ná ar aon cheann eile, agus léiríonn staitisticí freisin gur dóichí go bhfágfaidh fostaithe agus custaiméirí LGBTQ+ a bhfuil idirdhealú orthu a bpoist.

Stonewall Inn 1969edited 1
An Stonewall Inn mar a bhí

Sin é an fáth gur seoladh an ‘Stonewall Inn Gives Back Initiative’ (SIGBI), an bhliain seo caite, chun Deimhniú Spásanna Sábháilte a thabhairt agus Bród (Pride) a chur cun cinn.

Soláthraíonn sé critéir do ghnólachtaí a leanúint chun fostaithe agus custaiméirí LGBTQ+ a chosaint. Tá sé rolladh amach cheana féin sna Stáit Aontaithe ag Brooklyn Brewery, Jägermeister agus Marathon Chathair Nua-Eabhrac.

‘Is é an rud ceart é a dhéanamh ach is maith an gnó é freisin,’ a deir Lentz.

‘Deirimid é seo an t-am ar fad. Mura bhfuil tú ar thaobh an chomhionannais, is cuma cé acu an bhfuil siad aerach, díreach, ní thacóidh Gen Z leat.

I gceann 20 nó 30 bliain ní bheidh tú ann mar bhranda mura n-aontaíonn tú leis an gcomhionannas. Sin é.’

Léiríonn taighde ó na comhráite sin go gcreideann 97 faoin gcéad de dhaoine LGBTQ+ go mbainfeadh siad leas as spásanna níos sábháilte a bheith acu.

Is iad na critéir

1. Ní mór go mbeadh seomra folctha neodrach ó thaobh inscne áit éigin san áitreabh;

2. Ní mór duit síntiús a thabhairt do ghrúpa neamhbhrabúis LGBTQ+ mar ní mór duit tacú leis an bpobal agus ní le linn Bród (Pride) amháin;

stonewallnow 768x512 1
An Stonewall Inn anois

3. Beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn;

4. Déan cinnte nach dtugann tú síntiús do pholaiteoirí frith-LGBTQ+ .

5.Polasaí forainm a bheith agat. Má deir custaiméir gurb iad seo mo fhorainmneacha bíodh meas agat orthu.

Creideann siad go gcabhróidh sé seo leis an bpobal a chosaint ar choireanna fuatha.

Agus deir Kelly: ‘Is é an t-eagla is dorcha go bhféadfaidís pósadh a bhaint’, mar gheall ar na taoidí coimeádacha.

 ‘Dírítear níos mó ar dhaoine trasdánacha agus neamhdhénártha, ach tiocfaidh siad inár ndiaidh go léir. Níl iontu ach an sprioc is fusa, caithfimid cuimhneamh air sin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram