

Tá teannas sa Rialtas tar éis do cheannairí san Aontas Eorpach comhaontú Ursula von der Leyen a ainmniú, don dara téarma cúig bliana, mar uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach.

Mar sin féin, beidh deacracht ag von der Leyen tacaíocht a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, agus gheall Feisirí Eorpacha Fhianna Fáil do vótálaithe go vótálfaidís ina coinne, de réir tuairisc ar RTÉ.
Tá cáineadh láidir déanta ar von der Leyen mar gheall ar a tacaíocht láidir d’Iosrael ina n-ionsaithe ar na Palaistínigh i nGaza.
Teastaíonn ceadú ó Pharlaimint na hEorpa d’ainmniúchán von der Leyen i mballóid rúnda an mhí seo chugainn.
Agus beidh sé deacair aici tacaíocht iomlán a fháil.
Táthar ag súil go vótálfaidh ceathrar Feisire Eorpacha de chuid Fhianna Fáil i gcoinne von der Leyen, mar a dúirt siad go ndéanfaidís le linn fheachtas toghchánaíochta na hEorpa.
Is iad sin Barry Andrews, Barry Cowen, Billy Kelleher agus Cynthia Ní Mhurchú.
Mhol an Taoiseach Simon Harris, áfach, gur cheart dóibh a ngealltanais do na vótálaithe a bhriseadh le go dtabharfadh von der Leyen post maith do choimisinéir na hÉireann ar an gcoimisiún, Michael McGrath.

Dúirt Harris gur cheart d’Fheisirí Eorpacha na hÉireann machnamh a dhéanamh ar an seans atá ag coimisinéir na hÉireann McGrath post sinsearach a fháil ar an gcoimisiún mura dtacaíonn siad léi.
‘Sílim go bhfuil sé cabhrach, anois go bhfuil radharc againn ar ár n-ainmní, go ndéanfadh na Feisirí Eorpacha machnamh ar sin freisin agus conas is féidir leo cabhrú le Michael McGrath agus cuidiú le hÉirinn an phunann (portfolio) is fearr is féidir a fháil,’ a dúirt sé.
Tá sé ráite ag an Rialtas go poiblí go bhfuil Éire dóchasach go bhfaighidh McGrath punann láidir gheilleagrach, mar aire airgeadais le próifíl AE suntasach.
Tá míshuaimhneas ar an Rialtas go bhféadfadh dearbhuithe poiblí le linn an fheachtais toghcháin ó iarrthóirí Fhianna Fáil go vótálfaidís i gcoinne von der Leyen, mar gheall ar a seasamh i gcogadh Gaza, dochar a dhéanamh de McGrath nuair a bheidh an chéad choimisiún eile á bhunú ag
von der Leyen tar éis an vóta sa Pharlaimint.
Tá comhaontú idir na trí phríomhghrúpa lárnacha laistigh den pharlaimint chun tacú léi.
Beidh 361 as 720 vóta ag teastáil uaithi.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.