Fuair an ‘Derry Girl’ Nicola Coughlan leagan speisialta do Bridgerton don ‘Irish mammy’

20/05/2024

An gceapann tú go bhfuil an iomarca radhairc gnéis (sex scenes) sa tsraith nua Bridgerton a chuirfidh náire ar do mhamaí?

Tá sé ráite ag Nicola Coughlan go ndearna lucht déanta Bridgerton leagan den tsraith gan na radhairc gnéis (sex scenes), díreach di féin agus a teaghlach.

Dúirt sí freisin, áfach, go bhfuil sí an-bhródúil as na radhairc ina raibh sí nocht, toisc go raibh sé cumasach (empowering).

Dúirt sí gur ghearr siad amach na radhairc ghnéis i Bridgerton ionas go bhféadfadh sí féachaint air lena teaghlach.

Tá an t-aisteoir as Gaillimh, atá 37 bliain d’aois, i ról Penelope Featherington sa seó Netflix.

Le linn na sraithe bíonn baint aici le roinnt caidreamh paiseanta le Colin Bridgerton (Luke Newton).

Nuair a tháinig deireadh leis an gceathrú heagrán  de Bridgerton léiríodh an bheirt i mbarróg láidir i gcúl tralaí capall.

Agus meastar go mbeidh Nicola i radharc gnéis ‘an-nocht’ amháin sa dara seó, a bheidh ar fáil ón 13 Meitheamh.

Nicola le Colin Bridgerton (Luke Newton)
Nicola le Colin Bridgerton (Luke Newton)

Tá sé tugtha le fios aici anois, áfach, dá teaghlach – lena tuismitheoirí Martin agus Beatrice san áireamh – a bheith in ann féachaint uirthi i Bridgerton, go bhfuil leagan déanta go ndearnadh cinsireacht (censorship) air.

Dúirt réalta Derry Girls: ‘Tá sé scríofa go litriúil i mo chonradh. Ceapann daoine go bhfuil mé á rá mar jóc.

‘D’fhás mé aníos mar Chaitliceach Éireannach, ní hé sin an chaoi a mbeimid beo.’

Tháinig Séasúr a Trí de Bridgerton i dtír ar Netflix an tseachtain seo caite, agus bhí fonn ar a lucht leanúna féachaint air.

Is féidir le lucht féachana a bheith ag súil le níos mó radhairc ghnéis ó na chéad ceithre eipeasóid de Shraith a Trí, agus beidh, ar a laghad, sé nóiméad de phógadh, gnéas, ‘threesomes’ agus grá leispiacha (lesbian).

Mar sin féin, bhí ar an lucht féachana fanacht ar chuid deiridh Chuid a hAon, sular thosaigh an scéal grá lárnach á insint.

Díríonn Sraith a Trí ar an ‘flirtation’ idir

Penelope agus Colin Bridgerton, ach tá an chuid is mó den aicsean idir an bheirt geallta nuair a thagann Cuid a Dó amach ar an 13 Meitheamh.

Dúirt Nicola: ‘Tá sé “steamy”. Bhí mé ag rá: “Oh wow, an bhfuil muid á dhéanamh i ndáiríre?”‘

Dúirt sí freisin, in agallamh leis an Radio Times: ‘Tá ceann ann a bhfuil mé an-nocht ar cheamara agus b’shin mo rogha féin.

‘Bhraith sé díreach cosúil leis an “f *** you”, sé sin mar gheall ar na comhráite ar fad a bhaineann le mo chorp.

‘Bhí sé iontach cumasach (empowering). Táim an-bhródúil as na radhairc sin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram