Luach Kelly: Féile ag ceiliúradh tábhachta Luke Kelly do Bhaile Átha Cliath

12/05/2024

Tá Féile Luke Kelly ag teacht le díospóireacht, spórt, ealaíon,  agus, ar ndóigh an-chuid ceol agus craic

Tar éis an spraoi agus an craic a bhí ann an bhliain seo caite, filleann Féile Luke Kelly i mbliana. Beidh sé ar ais ar Chearnóg Margadh na Feirme (Smithfield) ar an Satharn 18ú agus ar an Domhnach an 19ú Bealtaine 2024.

Ar siúl ó 12pm go 6pm, beidh an fhéile saor in aisce le béim ar imeachtaí teaghlaigh.

 Beidh ceol ann, ar ndóigh, agus díospóireachta, seisiúin amhránaíochta, spórt, ealaíon agus ceardaíocht – agus go leor eile ar fáil mar cheiliúradh ar an mac is fearr le Baile Átha Cliath.

lukekelly fest feat gaeilge

‘Chruthaigh imeachtaí na bliana seo caite rud a raibh a fhios ag an gcuid is mó againn cheana féin, is laoch ó Bhaile Átha Cliath é Luke Kelly,’ a dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Daithí de Róiste.

‘Ní mórán daoine a bhfuil dhá dhealbh ina mbaile dúchais féin, ach tá cúis go bhfuil siad ann do Luke.

‘Tá mé ag tnúth leis an seans  cuid de na ceoltóirí den scoth atá againn a chloisteáil agus iad ag casadh amach chun ómós a thabhairt dó.

BlasnaCathrach

EIST LEIS AGALLAMH ANSEO

‘Mar sin más leantóir Luke thú, nó más rud é go bhfuil ceol nua agat, bí cinnte go dtiocfaidh tú chuig Margadh na Feirme le haghaidh deireadh seachtaine iontach.’

Ar feadh an deiridh seachtaine, beidh neacht Luke, Paula McCann, ina hóstach ar an Luke Kelly Stage.

Agus beidh na hamhránaithe ceoil is fearr linn léi, ina measc Mary Black, Lisa O’Neill, Phelim Drew agus The Dublin Legends.

Beidh an scríbhneoir amhráin Ciarán Moran ó Mhargadh na Feirme (Smithfield) agus an t-ealaíontóir R&B Temi NLA ó Shráid an tSirriam (Sheriff Street) ag déanamh ionadaíochta ar Lár na Cathrach Thuaidh de chuid Luke.

Mary Black
Mary Black

Chomh maith le sin beidh ceol ó Daoirí Farrell agus Caoimhe Hogarty le George Murphy, Ger O’Donnell agus Trevor Sexton.

Dóibh siúd atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi Luke, na Dubliners, agus saol an phobail i mBaile Átha Cliath, beidh an cheardlann tiomnaithe (dedicated workshop) agus an puball díospóireachta (discussion tent).

Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Daithí de Róiste
Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Daithí de Róiste

In The Bailey beidh Andy Irvine agus an t-amhránaí Meiriceánach Peggy Seeger ag caint; agus beidh ceardlann ‘Banjo for Beginners’ ann freisin (ní gá taithí).

Beidh an staraí (historian) agus an podchraoltóir Donal Fallon, an fear a thabharfaidh Three Castles Burning chugainn, i mbun comhrá le Phelim Drew agus Brian Hand faoina gcuimhní cinn ar The Dubliners.

Agus tabharfaidh an scríbhneoir Jimmy Murphy aghaidh ar thuras trí shaol na n-ealaíon boihéimeach i mBaile Átha Cliath i lár an 20ú haois.

Dóibh siúd a mbeidh ag freastal le leanaí, ná bíodh drogall oraibh a bheith páirteach sa spraoi ag ‘The Centre-Half’, ag tabhairt ómós don ngrá a bhí ag Luke don chluiche álainn.

The Dubliners le Luke Kelly
The Dubliners le Luke Kelly

Ag an bPuball Ealaíon agus Ceardaíochta, is féidir le teaghlaigh taitneamh a bhaint as raon ceardlanna i gcuimhne ar spiorad cruthaitheach Luke.

Agus eagrán nua d’fhéile na bliana seo is ea an O’Donoghue’s Tent, áit ar féidir le lucht na féile páirt a ghlacadh in amhrán breá sean-aimseartha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram