

Tabharfar dlíthe éigeandála faoi bhráid na n-airí an tseachtain seo a cheadóidh iarrthóirí tearmainn a chur ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe.
Níos luaithe an tseachtain seo dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur ón mBreatain, trasna na teorann ón Tuaisceart, a tháinig 80% de na hiarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta (International Protection) a tháinig isteach sa Phoblacht le déanaí.
Dúirt an tAire McEntee: ‘Tá go leor cúiseanna ann go bhfuil méadú tagtha ar imirce go hÉirinn.
‘An rud atá soiléir sa chinneadh a rinne an Ríocht Aontaithe, agus iad ag roghnú Brexit ná go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg tearmainn ina dtír féin.

‘An bealach a ndéileálann siad leis sin, is orthu féin atá sé.
‘Is é an fócas atá agam, mar Aire Dlí agus Cirt, ná a chinntiú go bhfuil struchtúr agus córas inimirce éifeachtach againn.
‘Sin an fáth go bhfuil mé ag tabhairt isteach próiseáil thapa, sin an fáth go mbeidh reachtaíocht éigeandála agam ag an gComh-Aireacht (Cabinet) an tseachtain seo – chun a chinntiú gur féidir linn daoine a thabhairt ar ais go héifeachtach go dtí an Ríocht Aontaithe,’ a dúirt sí.
Idir an dá linn, dúirt an Taoiseach Simon Harris go bhfuil sé ag díriú ar chóras imirce na tíre a chosaint.
Bhí an tUasal Harris ag freagairt do thuairimí ó phríomh-aire na Breataine Rishi Sunak a mhaígh go raibh ‘tionchar ag a pholasaí conspóideach faoi Ruanda (Rwanda)’ cheana féin.
Cuireadh ceist ar an Uasal Sunak faoi thuairimí an Tánaiste Micheál Martin, go raibh ‘polasaí na Ruanda’ ag cur isteach ar Éirinn.
Dúirt an tUasal Martin gur chuir an polasaí ‘eagla’ ar dhaoine fanacht sa Ríocht Aontaithe.
Dúirt sé: ‘B’fhéidir gurb é sin an tionchar atá siad ag iarraidh.’
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha freisin go raibh iarrthóirí tearmainn ag iarraidh ‘tearmann a fháil anseo agus laistigh den Aontas Eorpach seachas an cumas a bheith díbeartha go Ruanda’.
Agus é ag freagairt ar sin, dúirt an tUasal Sunak le Sky News: ‘Tá daoine buartha faoi theacht anseo agus léiríonn sé sin go díreach cad atá á rá agam.
‘Má thagann daoine go dtí ár dtír go mídhleathach, ach go bhfuil a fhios acu nach mbeidh siad in ann fanacht, is lú an seans go dtiocfaidh siad, agus sin an fáth a bhfuil scéim Ruanda chomh tábhachtach.’
Dúirt urlabhraí ar son an Taoisigh: ‘Tá córas bunaithe ar rialacha ag Éirinn a chaithfear a chur i bhfeidhm go daingean agus go cothrom i gcónaí.
‘Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Taoiseach ar an Aire Dlí agus Cirt moltaí a thabhairt don Chomh-Aireacht an tseachtain seo chugainn chun an dlí reatha a leasú maidir le hainmniú “tríú tíortha” sábháilte agus cead a thabhairt d’iarratasóirí neamhcheadaithe (inadmissible) ar chosaint idirnáisiúnta filleadh ar an Ríocht Aontaithe.
‘Tá sé seo ar cheann de roinnt beart atá á ndéanamh againn chun ár gcóras a neartú agus a chinntiú go bhfuil sé láidir agus éifeachtach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.