Tá bean chéile an peileadóir Shasana Kyle Walker slán sábháilte tar éis a ceathrú leanbh a bheith aici ag an deireadh seachtain.
Bhí cúpla mí dheacair aici mar gheall ar na leanaí a bhí ag Walker le bean eile.
Bhí Annie Kilner ag iompar clainne le leanbh Walker, atá ina chaptaen ar Manchester City, nuair a thuairiscigh na meáin faoina ‘dara teaghlach’.
Mar sin féin, bhí a leanbh aici thar an deireadh seachtaine agus deir cairde go bhfuil sí sásta.
Dúirt cara gur am ‘deacair’ a bhí ann sna míonna seo a chuaigh thart do Ms Kilner, atá 30 bliain d’aois.
Fuair sí amach i mí na Nollag gur ghin Walker an dara leanbh leis an tionchaire (influencer) Lauryn Goodman, atá 33 bliain d’aois.
Tá an peileadóir, a mbreathnaítear air mar laoch do Manchester City agus Sasana, ina chónaí i dteach ar cíos amach ó theach an teaghlaigh, ar fiú €4 milliún é, i Cheshire, Sasana, ó mhí Eanáir.
Mar sin féin, tá ceathrar mac aige féin agus ag Ms Kilner anois. Is iad na trí cinn is sine: Roman, 11, Riaan, atá seacht, agus Reign, atá cúig.
Le linn a cuid deacrachtaí, tá Walker, atá 33 bliain d’aois, dírithe ar pheil a imirt do Manchester City.
Tá imní air go bhfuil gortuithe ag cur cosc air peil a imirt.
Ar an láimh eile, bhí faitíos ar Ms Kilner go bhféadfadh an strus dul i bhfeidhm ar a leanbh sa bhroinn, agus bhí sé deacair di déileáil leis na meáin chumarsáide faoina caidreamh.
Thosaigh Walker agus Kilner ag dul amach ar dtús nuair a bhí siad ar scoil ach bhí caidreamh aige le Ms Goodman i 2019, thart ar an am ar raibh mac, Reign, ag Ms Kilner.
Agus ansin bhí mac Kairo ag Goodman le Walker, i mí Aibreáin 2020.
Tháinig Ms Kilner agus Walker ar ais le chéile agus phós siad i mí na Samhna 2021.
I mí Dheireadh Fómhair 2022, áfach, bhí sé in éineacht le Ms Goodman arís, agus rug sí a iníon an samhradh seo caite.
Deir Walker nach raibh caidreamh aige le Goodman ag cur ar bith agus gur ‘sháinnigh sí é’.
Dúirt cara Ms Kilner an tseachtain seo: ‘Tá an teaghlach ar fad thar a bheith sásta. Is faoiseamh agus cúis áthais dóibh é. Tá siad ag iarraidh bogadh ar aghaidh lena saol, amach ón dráma.
‘Tá sé féin agus Annie ag obair ar a gcaidreamh. Níl aon réiteach iomlán déanta acu go fóill, tá sé fós ina áit féin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.