

Tá an dara sraith den chlár ceoil, Cumasc, léirithe ag Black Gate Productions, ar fáil anois ar Sheinnteoir TG4.
Cliceáil ANSEO chun féachaint air anois
An rud atá i gceist le Cumasc: Seisiúin sa Black Gate ná comhoibrithe ceoil a chumasc (blended) le píosaí scannáin faisnéise suimiúla agus agallaimh oscailte.
Thar 12 eipeasóid, tháinig ceoltóirí seanbhunaithe agus nua – idir Éireannaigh agus idirnáisiúnta – le chéile chun foinn iontacha a thaifeadadh agus chun labhairt faoin gceol.

Críochnaíonn gach eipeasóid le léiriú píosa ceoil nua; toradh an chomhoibrithe idir na healaíontóirí.
Rinneadh an tsraith a scannánú i gcathair na Gaillimhe agus tá sárscannán ceolchoirme ann.
Dúirt an stiúrthóir Mia Mullarkey: ‘Thugamar ceoltóirí de thraidisiúin éagsúla le chéile ar feadh lá amháin, i gcumasc chultúir cheoil agus saoirse chruthaitheach.
‘D’iarramar orthu dhá phíosa a chruthú, agus is ‘Cumasc’ a tháinig chun solais.
‘Agus an tsraith á scannánú agam, bhí comhrá iontach saibhir agam le ceoltóirí aitheanta mar Iarla Ó Lionáird, Zoë Conway, Renaud Garcia Fons agus John Francis Flynn.
‘Ba mhór an pléisiúr é ealaíontóirí máistreachta a fheiceáil ag fíodóireacht a gcuid séiseanna agus traidisiúin le chéile, ag éisteacht lena léargas ar na mothúcháin, an cheird, agus oidhreacht an cheoil.
‘Níl dabht ar bith orm ach go mbeidh lucht an cheoil ag dul in aigne agus spreagtha nuair a bheidh siad ag féachaint ar Chumasc Séasúr 2.’
Seo a leanas liosta iomlán na gceoltóirí atá páirteach: Iarla Ó Lionáird, Cormac McCarthy, Matthew Berrill, Zoë Conway, Renaud Garcia-Fons, Róisin Chambers, Casper Clausen, Susan O’Neill & Phil Christie, Olesya Zdorovetska, Rónán Ó Snodaigh, Myles O’Reilly, Brìghde Chaimbeul, Jack Talty, Naomi Berrill, Molly O’Mahony, Niamh Regan & Caoimhín Ó Raghallaigh, Pauline Scanlon, Caoimhe Hopkinson, Austin Walkin’ Cane, Róis, Eoghan Ó Ceannabháin, Saileog Ní Cheannabháin & John Francis Flynn, Ríoghnach Connolly , Sidiki Dembélé agus Shunya.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.