

Tá an tríú cás den bhruitíneach (measles) deimhnithe in Éirinn agus tá rabhadh (warning) tugtha do roinnt paisinéirí a thaistil leis an duine ar eitilt (flight) dul i dteagmháil leis an HSE.
D’eitil an duine go hAerfort Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn agus fuarthas amach ó shin go bhfuil an bhruitíneach orthu agus go bhféadfadh go raibh daoine eile ionfhabhtaithe acu ar an eitilt.

An eitilt atá i gceist ná an eitilt Etihad Airways EY45 ó Abú Dhabi go Baile Átha Cliath, a tháinig isteach Dé Sathairn, 9 Márta, ag 6.30am.
Ba cheart do phaisinéirí teagmháil a dhéanamh le HSELive go práinneach ag 1800 700 700; nó 00 353 1 2408787 má tá siad ag glaoch ó lasmuigh d’Éirinn.
Dúirt an HSE go mbaineann an rabhadh go háirithe le haon phaisinéir atá ag iompar clainne, atá faoi imdhíon-lagaithe (immunocompromised) nó faoi 12 mhí d’aois.
Is é seo an tríú cás den bhruitíneach atá le deimhniú anseo i mbliana. Bhain an chéad cheann le fear ina 40idí san Iarmhí (Westmeath) a fuair bás. Bhain an dara cás le déagóir as iarthar na hÉireann.
Is galar an-tógálach (infectious) é an bhruitíneach.
Scaipeann sé go héasca nuair a bhíonn duine ionfhabhtaithe (infected person) ag análú (breathing), ag casachtach nó ag sraothartach (sneezing).
Is féidir é a bheith ina chúis le deacrachtaí tromchúiseacha agus bás.
Is féidir leis an bhruitíneach dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith ach is coitianta é i leanaí.
Tosaíonn sé cosúil le slaghdán (cough) agus forbraíonn sé thart ar dheich lá tar éis do dhuine a bheith ionfhabhtaithe.
Cúpla lá ina dhiaidh sin faigheann siad gríos (rash) agus mairfidh sé idir seacht agus deich lá.

Bearta chun leathadh na bruitíní a chosc má
cheapann tú go bhfuil an bhruitíneach agat:
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.