

Tá scannán amháin 77 bliain d’aois, is scéal stairiúil é ceann eile agus is é ‘gangster classic’ an tríú scannán– ach cá bhfuil an Wizard?
Tá na trí scannán is fearr riamh fógartha ag Ryan Tubridy – agus d’iarr sé ar a chuid éisteoirí a gcuid scannán ‘foirfe’ a sheoladh isteach, siad sin na scannáin a scóráil deich as deich.
Tá iar-láithreoir an Late Late Show ar Virgin Radio faoi láthair, le clár a chraoltar in Éirinn ar an Q102, agus tá ag éirí go maith leis cheana féin lena lucht éisteachta nua sa Bhreatain.

Ar an gclár Dé Máirt, labhair Ryan faoina ghrá do scannáin, agus faoin gcaoi ar maith leis dul ar thurais rialta chuig an bpictiúrlann seachas a bheith ag féachaint ar scannáin sa bhaile.
Ag cur san áireamh gurb é Russell Crowe, aisteoir a bhuaigh Gradam Acadaimh, duine dá chairde is fearr i saol na scannán Ryan, ní aon ionadh é go bhfuil paisean láidir aige do scannáin.
Agus ansin agus é ag dul ar Instagram, thaispeáin Ryan píosa páipéir a raibh a thrí scannán ‘foirfe deich as deich’ scríofa air.
Is é an chéad cheann de na scannáin is fearr le Ryan ná an scannán Nollag It’s A Wonderful Life, a bhfuil an-tóir air go fóill agus a bhí riamh in ainneoin é a eisiúint 77 bliain ó shin.
Is é James Stewart an príomhaisteoir sa scannán seo agus insíonn sé scéal George Bailey, a chuireann ceist ar aingeal faoin saol a bheadh ann murach é.
Ag craoladh ar an 25 Nollaig gach bliain gan teip, d’fhéadfaí a rá gurb é It’s A Wonderful Life an scannán féilte is mó riamh.
Sa chéad áit eile ar liosta Ryan tá an scannán de chuid Martin Scorsese, Goodfellas, a bhfuil Ray Liotta, Joe Pesci agus Robert De Niro ann.
Eisithe i 1990, tá cáil ar an scannán as a fhoréigean, a phlota iontach agus an radharc ina gcuireann Pesci a cheist: ‘You think I’m funny?’
Ar deireadh, is é an tríú scannán is fearr le Ryan riamh ná The Remains Of The Day, a thagann ón úrscéal 1989 den ainm céanna le Kazuo Ishiguro a bhuaigh Duais Booker.

Is scéal iontach é an scannán le Anthony Hopkins agus Emma Thompson do lucht leanúna na staire ar nós Ryan, ag insint scéal buitléir a thuigeann go bhféadfadh a dhílseacht a bheith míthreorach nuair a thosaigh An Cheád Cogadh Domhanda.
Mar sin féin de réir éisteoiri Ryan, bhí scannáin eile ar nós: The Shawshank Redemption, Platoon, The Green Mile, Scent of a Woman, Some Like It Hot agus Good Will Hunting.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.