Léirsiú ag an Dáil faoin ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht

14/02/2024

Tá dhá bhliain caite ó gheall an Rialtas treoirlínte chun cabhrú le Gaeilgeoirí tithe a thógáil sa Ghaeltacht

Reáchtáladh léirsiú ag an Dáil Dé Máirt faoi mhoill an Rialtais ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht – agus chun aird a tharraingt ar an reachtaíocht nua pleanála atá á tabhairt isteach.

Tá tús curtha ag an gCoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht le plé ar leasuithe ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt 2023 agus tá lucht na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go gcosnófar a gcearta sa Bhille nua.

Is é Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga a d’eagraigh an léirsiú agus dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga agus ball den Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga: ‘Tá sé ag éirí níos deacra ag muintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantair féin.

‘Diúltaítear cead pleanála do dhaoine ar an mbonn, de réir na gcomhairlí áitiúla, nach bhfuil “riachtanas áitiúil” acu agus tá an sainmhíniú ar cad is “riachtanas áitiúil” ann i gcónaí ag athrú.’

De réir tuairisc.ie, dúirt Róisín Ní Chinnéide as Conradh na Gaeilge: ‘Táimid anois níos mó ná dhá bhliain ar aghaidh ó gheall an tAire Darragh O’Brien go mbeadh na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta curtha ar fáil.

‘Dhá bhliain níos déanaí agus níl aon radharc orthu fós, rud a fhágann go bhfuil comhthéacs ríthábhachtach in easnamh orainn agus ceann de na Billí pleanála is tábhachtaí i stair na tíre seo ag dul trí Thithe an Oireachtais.

‘Táimid tinn tuirseach de bheith ag fanacht ar Airí, ag fanacht ar ghealltanais agus ag fanacht ar ghníomh

‘Tá teachtaireacht shoiléir tugtha againn gur gá go mbeadh an Ghaeltacht lárnach sa Bhille seo, agus beimid glórach go mbeidh réiteach ar ghéarchéim tithíochta ár linne.’

Bhí Mairéad Farrell, TD de chuid Shinn Féin do Ghaillimh Thiar, ag an léirsiú chomh maith agus dúirt sí le The Journal go bhfuil sé dodhéanta do dhaoine óga iarracht a dhéanamh teach a thógáil i gConamara.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, TD de chuid Shinn Féin atá ina chathaoirleach ar choiste Oireachtas Gaeilge, Gaeltacht agus Pobal Labhartha na Gaeilge freisin: ‘Tá deis againn anois aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá ann agus a chinntiú go bhfanann na teaghlaigh sa Ghaeltacht.’

Póstaer faoin léirsiú Dé Máirt ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht
Póstaer faoin léirsiú Dé Máirt ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht

Dúirt sé go rabhthas ag súil go bhfoilseofaí treoirlínte ag an Rialtas agus go soláthrófaí iad do chomhairlí breis is dhá bhliain ó shin.

Dúirt sé: ‘Tá moill fós air. Tá roinn amháin ag cur milleán ar roinn eile… agus tá sé anonn is anall idir an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta.’

Dúirt sé freisin go raibh gá le maoiniú don bhonneagar riachtanach, cosúil le píopaí uisce.

Bhí sé dóchasach go n-ardódh an léirsiú feasacht i measc Teachtaí Dála eile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram