Seasann Pep le captaen Man City, Kyle Walker, tar éis caidreamh lasmuigh den phósadh (affair)

Tacaíonn bainisteoir Manchester City, Pep Guardiola, le Kylie Walker a raibh leanaí aige le ‘influencer’ agus é pósta agus triúr leanaí eile aige

Fanfaidh Kyle Walker mar chaptaen ar Manchester City, a deir Pep Guardiola, cé gur cháin máthair beirt dá leanbh é as a rá nach raibh sé riamh i gcaidreamh léi.

Ghabh an cosantóir leithscéal lena theaghlach Dé Luain tar éis dó caidreamh lasmuigh den phósadh (affair) a bheith aige.

Tá triúr leanbh ag Kyle leis an ‘influencer’ Lauryn Goodiman
Tá triúr leanbh ag Kyle leis an ‘influencer’ Lauryn Goodman

Tá triúr leanbh ag Walker lena bhean chéile Annie agus beirt leanbh aige leis an ‘influencer’ Lauryn Goodman.

Mar sin féin, dúirt sé nach raibh sé ‘riamh i gcaidreamh’ le Lauryn agus go raibh na leanaí a bhí acu le chéile, tar éis dhá chaidreamh aon oíche (one-night stands).

Dúirt bean chéile Walker Annie Kilner: ‘Ar an drochuair, tar éis blianta fada pósta agus triúr leanbh iontacha le chéile, bheartaigh mé tamall a thógáil scartha ó Kyle.’

Dúirt urlabhraí do Lauryn: ‘Tá díomá uirthi faoin leagan mealltach (deluded) atá déanta aige d’imeachtaí, atá an-difriúil leis na gcuimhní (memories) atá aici féin ar an gcaidreamh fada, dlúth (intimate) agus grámhar a bhí acu.

walker Annie Kilner
Kyle Walker agus Annie

‘Tar éis di na blianta fada de theachtaireachtaí eatarthu a léamh ar ais, tá mearbhall (confused) uirthi faoin gcaoi a ndearna sé dearmad ar an iliomad comhrá pearsanta agus cuimhní cinn a rinne sé lena leanaí mar theaghlach.’

Idir an dá linn, vótáil na baill eile d’fhoireann Manchester City le haghaidh Walker, atá 33 bliain d’aois, mar chaptaen. Mar sin nuair a fiafraíodh de Pep an bhfanfadh sé mar chaptaen dúirt sé: ‘Go deimhin, mar is cinneadh don fhoireann é, ní mo chinneadh féin é.’

Dúirt sé: ‘Tugaim tacaíocht dó agus d’Annie agus a chlann agus ní labhraim focal amháin faoi cheisteanna pearsanta m’imreoirí.’

Dúirt Pep freisin gur dócha go mbeidh an tostaí (forward) Erling Haaland ar ais do chluiche Manchester City sa Phríomh-Sraith (Premier League) i gcoinne Burnley Dé Céadaoin.

Tá triúr leanbh ag Kyle lena bhean chéile Annie
Tá triúr leanbh ag Kyle lena bhean chéile Annie

Scóráil Haaland, atá 23 bliain d’aois, 52 cúl an séasúr seo caite, ach bhí sé gortaithe ar feadh ocht seachtaine an séasúr seo, cé gur scóráil sé 19 gcúl.

Ghortaigh sé a chos i gcluiche in aghaidh Aston Villa ar an 6 Nollaig.

Nuair a cuireadh ceist ar Pep faoi Haaland, dúirt sé: ‘Roghnófar é. Don chéad uair tá sé ar ais.

‘Is imreoir tábhachtach é Erling dúinn, cinnte. Tá sé amuigh le dhá mhí, is fada an lá, ach mothaíonn sé go maith.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SACAR

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram