Cé hé Xabi Alonso, an fear a theastaíonn ó Liverpool mar bhainisteoir nuair a imíonn Klopp?

29/01/2024

Is é Xabi Alonso an chéad rogha le bheith ina bhainisteoir ar Learpholl nuair a fhágann Jurgen Klopp – ach tá roghanna eile aige freisin

Fiú amháin sular labhair sé faoi bhainisteoir nua i ndiaidh Klopp, bhí Xabi Alonso ina laoch do lucht leanúna Learpholl – cuimhníonn siad fós ar cúl a scóráil sé sa bhua i Sraith na Seaimpíní (Champions League) i 2005.

Mar sin féin, d’éirigh go hiontach leis ó shin ar fhoireann na Gearmáine, Bayer Leverkusen, atá ag barr an Bundesliga, le dhá phointe níos mó ná Bayern München.

Tá siad sna céimeanna deiridh de Shraith Europa freisin tar éis roinnt bua iontach i gcéimeanna grúpa an chomórtais.

Éacht (achievement) ollmhór a bhí sé sin do Alonso mar bhainisteoir.

Nuair a chuaigh sé isteach i Bayer Leverkusen i mí Dheireadh Fómhair 2022 bhí siad sa dara háit ó bhun na sraithe, tar éis ocht gcluiche sa Bundesliga.

Bhí Xabi Alonso ina laoch peile do Learpholl, an mbeidh sé ina laoch mar bhainisteoir freisin?
Bhí Xabi Alonso ina laoch peile do Learpholl, an mbeidh sé ina laoch mar bhainisteoir freisin?

Mar sin féin, 26 cluiche ina dhiaidh sin chríochnaigh siad sa séú háit agus bhí siad ag imirt san Eoraip freisin.

Ní hé Learpholl an t-aon chlub amháin atá ag iarraidh an fear is mó éileamh mar bhainisteoir i sacar na hEorpa a fhostú, áfach.

D’imir Alonso do na trí chlub atá ag iarraidh é a fhostú, Real Madrid, Bayern München agus Learpholl, agus mar sin tá aithne ag lucht leanúna na dtrí chlub air agus bheadh siad thar a bheith sásta lena chlub dá n-éireodh leo é a fhostú.

Agus i Manchester City seans nach bhfanfadh Pep Guardiola thar dheireadh an tséasúir seo chugainn, agus mar sin seans go ndéanfaidh siad iarracht Alonso a mhealladh freisin.

Tá Alonso a d’imir peil idirnáisiúnta don Spáinn, 42 bliain d’aois. Is é San Sebastian a bhaile dúchais agus is é Real Sociedad a fhoireann baile.

Tá dhá bhliain go leith fágtha ar a chonradh Bayer Leverkusen. Mar sin féin, tá Leverkusen tar éis a rá leis nach gcuirfeadh siad bac air dul isteach i gceann de na clubanna móra.

D’fhág Alonso Real Madrid chun dul isteach i Bayern München mar imreoir in 2014, agus fhan sé leo ar feadh trí shéasúr sular éirigh sé as mar imreoir.

Cinneadh a bhí ann ionas go bhféadfadh Alonso níos mó a fhoghlaim faoi oiliúint Pep Guardiola, a bhfuil aithne mhaith aige air.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram