

Tá an chéad bhabhta thart agus anois is féidir tús a chur leis an spraoi mar tá gach rud in ord le haghaidh an chomórtais amhrán Pan Cheilteach (Celtic) atá ar siúl an Satharn seo, 27 Eanáir.
As breis is 30 iarratas sa Chomórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach tá na 14 is fearr roghnaithe don chraobh bheo (féach ar an gclár thíos) in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.
Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.

Gheobhaidh an buaiteoir €1,000 agus beidh siad ag déanamh ionadaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024.
Beidh an fhéile idirnáisiúnta ag filleadh ar bhaile Cheatharlach i mbliana agus an leathchéad á cheiliúradh ag féile a chuireann oidhreacht, teanga, cultúr agus ceol na dtíortha Ceilteacha chun cinn.
Beidh sé ar siúl ar an 2-6 Aibreán 2024, aimsir na Cásca.
Is ansin a bheidh an t-amhrán Éireannach in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha Ceilteacha eile ina measc Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine (Cornwall) agus an Bhriotáin (Britanny).
Tá an comórtas náisiúnta á reáchtáil i gCeatharlach tar éis d’amhrán a bhuaigh an comórtas anuraidh. Bhí an t-amhrán Cion Cairde á chanadh ag grúpa áitiúil enCÓRe.
Tá na hamhráin ar fad as Gaeilge agus tá na liricí mar aon leis an gceol nua chumtha, ach cuireann an comórtas fáilte roimh gach stíl amhráin idir chinn traidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac agus rap, snagcheol (jazz) agus eile.
Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn na féile agus in agallamh leis an suíomh nós.ie dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, Máirín Nic Dhonnchadha, go bhfuil ‘láithreacht nádúrtha fíorspeisialta don Ghaeilge’ i mbaile Cheatharlach a bhuí leis an bpobal láidir Gaeilge ar an mbaile.
‘Tá baile aoibhinn bríomhar Gaelach Cheatharlach ar cheann de na bailte is ansa leis na Ceiltigh d’Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar go leor cúiseanna – an fháilte chroíúil a fhaightear ó mhuintir an bhaile, an pobal fuinniúil ealaíne, ionaid agus áiseanna lóistín den scoth go háirithe.’
Tá nasc chuig an agallamh iomlán ANSEO.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.