Molann Jurgen Klopp réalta ‘den scoth’ na hÉireann Conor Bradley

23/01/2024

Tá tús iontach déanta ag Bradley sa Phríomh-Shraith (Premier League) agus deir Klopp: Is peileadóir an-mhaith é agus tá a dhearcadh (attitude) thar barr

Mhol bainisteoir Learpholl (Liverpool) Jurgen Klopp réalta na hÉireann Conor Bradley as a dhearcadh ‘den scoth’ ar imirt peile, tar éis cluiche dearfach eile sa cheann idir Learpholl agus Bournemouth Dé Domhnaigh.

Bhí jab crua le déanamh ag Bradley nuair a tháinig sé ar an bhfód le déanaí, b’éigean dó áit an imreora réalta gortaithe Trent Alexander-Arnold a ghlacadh.

Chuidigh Bradley leis an dara ceann de dhá chúl Diogo Jota
Chuidigh Bradley leis an dara ceann de dhá chúl Diogo Jota

Bhí sé sin i gcluiche leathcheannais Chorn Carabao, an chéad chluiche in aghaidh Fulham, a imríodh ag Anfield.

Bhuaigh Learpholl 2-1 agus an lá sin d’éirigh go maith le Bradley, ar as Tír Eoghain dó.

Tháinig sé chun cinn freisin mar ionadaí go déanach i gcluiche tríú babhta Chorn an FA in aghaidh Arsenal. Sa chluiche sin bhí Arsenal sa bhaile ach bhuaigh Learpholl.

Mar sin féin, ba é tástáil mhór Bradley nuair a thosaigh sé sa chluiche tábhachtach sa Phríomh-Shraith i gcoinne Bournmouth, a léirigh muinín mhéadaithe ón mbainistíocht san imreoir, atá 20 bliain d’aois. Agus chruthaigh Bradley go raibh an ceart ag Klopp an mhuinín sin a bheith aige.

‘Tá luas aige, tá gach rud a theastaíonn uait sa phost sin aige,’ a deir Klopp
‘Tá luas aige, tá gach rud a theastaíonn uait sa phost sin aige,’ a deir Klopp

D’imir Bradley a pháirt i mbua iontach 4-0 do Learpholl, a bhí ag imirt as baile.

Chuidigh sé leis an dara ceann de dhá chúl Diogo Jota ar oíche inar scóráil Darwin Nunez dhá chúl freisin.

Ina dhiaidh sin, mhol Klopp dearcadh agus ionsaitheacht Bradley.

Dúirt sé leis an BBC: ‘Ar fheabhas. Ionsaí maith i ndáiríre sa chluiche. Is peileadóir an-mhaith é, níor léirigh sé é an t-am ar fad inniu ach is peileadóir chomh maith é agus tá a dhearcadh thar barr.

‘Tá luas aige, tá gach rud a theastaíonn uait sa phost sin aige.’

Idir an dá linn, d’inis Bradley go raibh sé bródúil as a bheith san fhoireann sinsear agus mhol sé Trent ag rá go bhfuil sé ‘i bhfoirm dochreidte an séasúr ar fad’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram